![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F06%2Fthree2_600_Screenshot_2020-05-20_at_16.14.46.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=8edcde3d)
Idir mise agus tusa: Súgradh istigh nó súgradh amuigh?
Agus páistí óga gafa sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar chuig 2015 nuair a chruthaigh Macha Media sraith iontach do Meon Eile; Idir Mise agus Tusa. Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d’agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 3 sa tsraith.
Cé acu is fearr – súgradh taobh istigh nó súgradh taobh amuigh? An fearr rith sa choill nó leibhéal úr a bhaint amach ar chluiche ríomhaire? An tairbhí cluiche a imirt sa pháirc nó a bheith ar Facebook?
Sin an t-ábhar mór spairne atá idir Kirsten agus Emmet as Dún Pádraig san agallamh seo ó pheann an scríbhneora Séamas Mac Annaidh.