![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ta-an-aisling-seo-agam’-–-oraid-chailiuil-mlk-curtha-i-ngaeilge-do-leabhar-nua](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F06%2F23685%2Fta-an-aisling-seo-agam-oraid-chailiuil-mlk-curtha-i-ngaeilge-do-leabhar-nua.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=6c018da2)
‘Tá an aisling seo agam’ – óráid cháiliúil MLK curtha i nGaeilge do leabhar nua
Tá Gaeilge curtha ag an aistritheoir Aibhistín Ó Duibh ar an óráid cháiliúil a thug an gníomhaí ceart sóisialta Martin Luther King uaidh in 1963 ag an ‘Mórshiúl ar Washington’.
Foilseofar an t-aistriúchán ar an óráid mhór, a spreag na mílte daoine gorma seasamh ar son a gceart le linn thréimhse sin an ghníomhachais sna Stáit Aontaithe, sa leabhar Óráidí a Chuaigh i gCion níos deireanaí i mbliana.
Roinn an teach foilsitheoireachta i gCois Fharraige Leabhar Breac téacs na hóráide aistrithe ar a shuíomh idirlín inniu i ndlúthpháirtíocht leis an ngluaiseacht Black Lives Matter agus an feachtas ‘An Mháirt Dhubh’ atá ar siúl inniu.
Deirim libh, inniu, a chairde: bíodh is go bhfuil deacrachtaí an lae inniu agus an lae amárach amach ar ár n-aghaidh, go fóill féin tá an aisling seo agam; aisling í atá fréamhaithe go domhain san aisling Mheiriceánach:
Is féidir an téacs iomlán Gaeilge a léamh anseo.