Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘aifeala-ar-bith’-ar-gregory-campbell-faoina-raitis-fhrith-ghaeilge-agus-gearan-faoi-seolta-go-westminster-ag-dalta-scoile

‘Aiféala ar bith’ ar Gregory Campbell faoina ráitis fhrith-Ghaeilge agus gearán faoi seolta go Westminster ag dalta scoile

Deir an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP Gregory Campbell nach bhfuil aon chuimhneamh aige leithscéal a ghabháil faoin ráiteas is déanaí uaidh inar dhein sé beag is fiú den Ghaeilge.

Dúirt Gregory Campbell gur léirigh an cáineadh a rinneadh air mar gheall ar a ráiteas magúil faoin nGaeilge “an chuid is measa” de lucht ceannais an phoblachtánachais.

‘Unbowed, unbroken, so no, Je Ne Regrette!’ arsa Campbell i bpostáil faoin gconspóid a chuir sé ar Facebook aréir.

Rinne Sinn Féin, an SDLP agus an páirtí Alliance cáineadh géar ar Campbell an tseachtain seo mar gheall ar phostáil a chuir sé ar a leathanach Facebook ag fonóid faoin nGaeilge.

Thagair an feisire parlaiminte don chlár Gaeilge Nazi sa Ghaeltacht agus do ráiteas conspóideach a rinne sé féin mar mhagadh faoin nGaeilge in 2014.

“The humorous bit was when he was supposed to have spoken Irish with a German accent. I vill not be tempted to ask vot is dis curried yoghurt mein herr,” a scríobh Campbell.

Tagairt ab ea ‘curried yoghurt’ d’eachtra in 2014 inar cuireadh cosc lae ar Campbell labhairt i gComhthionól Stormont nuair a rinne sé ‘scigaithris’ ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn díospóireachta sa chomhthionól.

Tá ráite ag Sinn Féin gur chóir do cheannaire an DUP Arlene Foster labhairt amach i gcoinne “ionsaí náireach” Gregory Campbell ar an nGaeilge.

Bhí Aire Dlí Stormont agus ceannaire pháirtí an Alliance, Naomi Long, ar dhuine eile de na daoine a cháin Campbell as filleadh ar a sheanmhaslaí. Iompar “gangaideach” a bhí ar bun aige, a dúirt Long.

D’fhógair an grúpa feachtais an Dream Dearg inniu go raibh gearán faoi Campbell curtha faoi bhráid Choimisinéir na gCaighdeán in Westminster ag dalta as Gaelcholáiste Dhoire. Mhaígh Adam Mac Giolla Easbuic, 12, go raibh caint Campbell “gránna agus dímheasúil”.

Gearán déanta i gcoinne Gregory Campbell MP le Coimisinéir na gCaighdeán, Westminster

Adam, 12, Dún Geimhinn & student at Gaelcholáiste Dhoire has submitted this complaint to the Westminster Standards Commissioner 👇 pic.twitter.com/BKqFccUEqR

— An Dream Dearg 🅾️🦸🏽‍♀️🦸🏻‍♂️ (@dreamdearg) July 29, 2020

Ach chuir Campbell cos i bhfeac aréir agus dúirt nach raibh aon áiféala air maidir lena ráitis faoin nGaeilge.

Mhaígh Campbell go ndéantar dearmad go minic ar an méid a dúirt Gerry Adams i ndiaidh na conspóide ‘Curry my yoghurt’ in 2014. Mhaígh sé gur ag tagairt go díreach don scéal sin a bhí Adams nuair a dúirt sé: “Is é an pointe ná na bastaird seo a bhriseadh – sin é an pointe”.

Dúirt Campbell nárbh amhlaidh go ndearna sé “iarracht d’aon ghnó an chuid is measa ar fad de cheannairí an phoblachtánais a léiriú ach gur mar sin a tharla”.

Mar seo a chríochnaigh Campbell a phostáil ar Facebook aréir: “Unbowed, unbroken, so no, Je Ne Regrette!”

Mhaígh sé i bpostáil eile gurb amhlaidh gur “biogóidí” a bhí i gcuid de lucht a cháinte agus nach raibh aon acmhainn grinn acu.

Tacaíonn sé féin leis an éagsúlacht teangacha, a dúirt sé.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge