![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘muiril-bhaisti,-salachar-baisti,-agus-ceathanna-geimhriula’-—-na-tearmai-is-mo-a-bhionn-ag-aimsir-tg4](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F07%2F25427%2Fmuiril-bhaisti-salachar-baisti-agus-ceathanna-geimhriula-na-tearmai-is-mo-a-bhionn-ag-aimsir-tg4.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=4c176748)
‘Múiríl bháistí, salachar báistí, agus ceathanna geimhriúla’ — na téarmaí is mó a bhíonn ag Aimsir TG4
“Tréimhse gréine” agus “salachar báistí” na téarmaí aimsire a fheictear ar chuntas Twitter An Aimsir Láithreach ar TG4, de réir anailís atá déanta ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil St Louis.
Idir dhea-scéalta agus drochscéalta aimsire a bhíonn ag @AimsirTG4 dá gcuid leantóirí, is cosúil, agus nathanna ar nós “aimsir bhreá”, “tréimhsí geala”, “báisteach throm” agus “baol seaca” i measc na ndeich nath is coitianta ar an gcuntas.
Tá @AimsirTG4 ar cheann de na cuntais Ghaeilge is gníomhaí ar Twitter agus an scéal is deireanaí faoi chúrsaí aimsire á scaipeadh acu go rialta, chomh maith le pictiúir agus físeáin dheasa ó cheann ceann na tíre.
Tá 31 téarma ar an liosta a chur Kevin Scannell le chéile agus spléachadh deas ann ar an éagsúlachta canúna agus an saibhreas teanga a bhíonn le fáil i bhfaisnéisiú lucht aimsire an stáisiúin Gaeilge. Baineann 23 téarma ar an le drochaimsir agus baineann ocht gcinn acu leis an dea-aimsir.
Ar bharr an liosta tá “tréimhsí gréine” — rud a chuir iontas ar lucht An Aimsir Láithreach féin!
Tá ionadh orainn go bhfuil ‘tréimhsí gréine’ ar bharr an liosta!?
https://t.co/9SATu8RM8p
— An Aimsir Láithreach TG4 (@AimsirTG4) July 9, 2020
Ní hé seo an chéad uair a rinneadh anailís ar théarmaíocht na aimsire i nGaeilge. Dhá bhliain ó shin, chuir Kevin minicíocht na bhfocal ‘sneachta’ agus ‘báisteach’ i gcomparáid le chéile:
An aimsir de réir chorpas na Gaeilge. Sonraí ón nGréasán iomlán: 500+ blag, 13k cuntas Twitter, FB, @tuairiscnuacht, @nosmag, @NuachtRTE, srl. pic.twitter.com/7WQQE7XB5m
— Caoimhín Ó Scanaill (@kscanne) September 25, 2018