Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘covid-19-ar-a-thri-oiread-daoine-in-eirinn-agus-ata-sna-figiuiri-oifigiula’-–-staidear-nua-agus-136-cas-eile-fogartha

‘Covid-19 ar a thrí oiread daoine in Éirinn agus atá sna figiúirí oifigiúla’ – staidéar nua agus 136 cás eile fógartha

| Tuairisc.ie | ,

Tá 136 cás nua den ghalar Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus duine amháin eile básaithe.

Bhain 51 den 136 cás nua le Baile Átha Cliath, 24 le Cill Dara, 12 le Cill Chainnigh, 11 le Tiobraid Árann, seacht gcinn le Corcaigh, sé cinn le Luimneach, sé cinn le Loch Garman agus cúig cinn le contae na Mí. Bhain an chuid eile de na cásanna le naoi gcontae éagsúla.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 57 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Bhain 11 de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 78% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Léiríonn staidéar eolaíochta atá déanta ag an Ionad Faireacháin Cosanta Sláinte (HPSC) go meastar anois go raibh an Covid-19 ar a thrí oiread daoine agus atá sna figiúirí oifigiúla go dtí seo.

Rinneadh an Tástáil Shéireolaíochta ar dhaoine as contaetha Shligigh agus Bhaile Átha Cliath le roinnt míonna anuas agus léiríonn na torthaí gur dóigh go raibh an galar ar 1.7% den phobal go náisiúnta. Fágann sin gur dócha go raibh Covid-19 ar thart ar 84,000 duine go dtí seo sa tír agus ciallaíonn sé sin “nach bhfuil aon chosaint ag formhóir mór an phobail” – 98% – in aghaidh an víris, a dúirt an Dr Derval Igoe ón HPSC.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go bhfuil líon na gcásanna den Covid-19 atá á ndeimhniú ag ardú go leanúnach le trí seachtaine anuas agus go bhfuil patrún nua le haithint ar scaipeadh an ghalair. Tá níos mó cásanna á ndeimhniú i measc an phobail anois agus gan aon mhíniú ar fhoinse na gcásanna sin.

Tá méadú beag ar líon na ndaoine atá na hospidéil leis an ngalar agus an líon atá sna hionaid dianchúraim ach go bhfuil na figiúir sin íseal go maith fós.

Dheimhnigh sé go raibh ráta scaipthe Covid-19, an r-uimhir, ag 1.2 anois agus cé gur feabhas é sin ar an scéal le roinnt seachtainí anuas gur gá an figiúr sin a laghdú tuilleadh, faoi bhun 1, le scaipeadh an ghalair sa phobal a chosc.

Ó thuaidh, tá srian curtha ar líon na ndaoine a bheidh cead acu bailiú le chéile taobh amuigh agus taobh istigh.

As seo amach, ní bheidh cead ach ag 15 duine freastal ar imeachtaí amuigh faoin aer, in áit an 30 duine a bhí ceadaithe go dtí seo.

Ní bheidh cead ach ag seisear as dhá líon tí éagsúla ar a mhéid teacht le chéile faoi dhíon.

Tá na srianta nua curtha i bhfeidhm agus méadú mór tagtha ar líon na gcásanna nua atá deimhnithe ó thuaidh le cúpla seachtain anuas.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 51 cás nua inniu, rud a d’fhág go bhfuil 298 cás nua deimhnithe ó thuaidh den teorainn le seachtain anuas.

2,335 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,776 duine ó dheas den teorainn agus 559 ó thuaidh di.

34,232 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 27,676 cás ó dheas agus 6,556 cás ó thuaidh.

Níos luaithe inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chóir go n-osclófaí na scoileanna ag deireadh na míosa seo, fiú má leanann líon na gcásanna orthu ag ardú.

Rinne an Taoiseach a chuid cainte inniu agus é ar cuairt ar Choláiste Pobail de Nógla i Machain i gCorcaigh. Dúirt sé go raibh an Rialtas tiomanta de go n-osclófaí na scoileanna ar fad ar mhaithe le sláinte intinne agus forbairt na bpáistí.

“Tuigimse go maith mar Thaoiseach ar an tír seo go bhfuil sé dlite do na leanaí agus na daoine óga go mbeadh deis acu oideachas a fháil agus foghlaim a dhéanamh mar go ndéanann sé sin difríocht iontach dá saol,” a dúirt sé.

“Bhí an-imní orm féin i gcónaí go raibh oiread sin am scoile caillte acu ag tús na bliana seo. Sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaimid gach ar féidir lena chinntiú go mbeidh an fhoireann agus na daoine óga ábalta filleadh ar scoil slán sábháilte.”

An teachtaireacht chéanna a bhí ag Hans Kluge, Ceann Rannóg na hEorpa san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, a dúirt gur chóir scoileanna a oscailt mar go mbeadh “tionchar an-diúltach” aige ar dhaoine óga dá mbeidís dúnta ar feadh tamall fada.

An Taoiseach Micheál Martin agus leas-phríomhoide Choláiste Pobail de Nógla, Nicholas O’Keefe. Pictiúr: Julien Behal / RollingNews.ie

D’fhógair an Roinn Oideachais inniu go gcuirfí bearta breise agus riachtanais sláinteachais bhreise i bhfeidhm as bhusanna scoile a bhíonn ag freastal ar iarbhunscoileanna.

Bhí sé socraithe roimhe seo nach mbeadh an scaradh sóisialta ná srianta eile i bhfeidhm ar an gcóras iompair scoile. Ach ar chomhairle NPHET inné, beidh clúdaigh aghaidhe agus scaradh sóisialta éigeantach. Fanfaidh na socruithe a bhí déanta don chóras iompair do na bunscaoileanna mar a bhí socraithe.

Shéan Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an córas tástála agus cuardaigh ag titim as a chéile.

Dúirt Reid go raibh an córas ag obair d’ainneoin go raibh ardú mór ar líon na dtástálacha. Rinneadh 55,000 tástáil don Covid-19 an tseachtain seo caite, an dara seachtain is mó tástálacha ó thús na paindéime.

Dúirt Paul Reid gur “údar imní” dó líon gartheagmhálaithe na ndaoine a bhfuil an Covid-19 deimhnithe orthu a bheith ag ardú. Dúirt sé go raibh suas le 50 gartheagmhálaí ag cuid de na daoine a raibh an víreas tolgtha acu agus d’impigh sé ar dhaoine cloí le treoracha sláinte an rialtais.

Níos mó