Duine amháin breise a bhásaigh de bharr Covid-19 agus 242 cás nua a deimhníodh ag an deireadh na seachtaine de réir an eolais is deireanaí ón Roinn Sláinte.
68 cás nua den ghalar a tuairiscíodh inniu agus 174 ar an Satharn. Ba ar an Satharn freisin a tuairiscíodh an duine breise a bheith básaithe.
Níl figiúirí don deireadh seachtaine foilsithe do Thuaisceart Éireann fós.
2,328 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime go dtí seo, 1,772 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.
32,776 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26, 712 cás ó dheas agus 6,064 cás ó thuaidh.
Maidir le figiúirí an lae inniu, bhain 19 de na cásanna le contae Chill Dara, 17 le contae Bhaile Átha Cliath, 15 le contae Uíbh Fhailí, 12 le contae Laoise agus cúig cinn le contae Dhún na nGall.
Fir a bhí i gceist i 37 de chásanna an lae inniu agus mná sna 31 cás eile. Bhí 82% dóibh siúd a deimhníodh an galar bheith orthu inniu faoi bhun 45 bliana d’aois.
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur “cúis imní” é an méadú ar líon na gcásanna den víreas le roinnt seachtainí anuas. Dúirt sé go raibh trí oiread cásanna le coicís anuas i gcomparáid leis an gcoicís roimhe sin. Thagair sé do ráigeanna den ghalar a bheith “ag pléascadh” i gcontaetha áirithe agus dúirt gur comhartha é sin gur féidir leis scaipeadh ar luas lasrach.
Tá imní ar leith ann faoi líon na gcásanna i gcontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Laoise agus tá srianta taistil ar dhaoine atá ina gcónaí ansin ó mheán oíche ar an Aoine ar feadh coicíse. Níl cead acu a gcontae féin a fhágáil ach ar roinnt teoranta cúiseanna. Tá tithe tábhairne, ionaid siamsaíochta agus bialanna dúnta seachas do bhia beir leat.
Dúirt bainistíocht Kildare Chilling, monarcha ina deimhníodh an galar a bheith ar 150 oibrí, nach n-osclóidh siadsan arís gan beannacht na n-údarás sláinte poiblí. Bhí sé i gceist gur amárach a d’athosclófaí monarcha Irish Dog Food sa Nás, contae Chill Dara, áit a raibh ráig den víreas coicís ó shin, ach tá an socrú sin curtha ar athlá anois.
Dúirt urlabhraí ó chomhlacht eile, O’Brien Fine Foods i gCill Dara freisin, go mbeidh siadsan dúnta go dtí 18 Lúnasa. Deimhníodh an galar a bheith ar 86 duine den fhoireann oibre ansin.
Mheabhraigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, inniu go mbeidh dualgas ar dhaoine de réir dlí ón lá amárach ar aghaidh clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus iad ag siopadóireacht nó ina áiteanna eile nach bhfuil oiriúnach do scoitheadh sóisialta.
Tá sé deimhnithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil cosc ar thaisteal ‘neamhriachtanach’ chun na tíre seo ó thíortha ina bhfuil ráta ard de Covid-19 imeasc na roghanna a bheidh a chur os comhair an Rialtais go luath aige. Dúirt sé go raibh meamram leis na roghanna éagsúla a ullmhú ag an Roinn Sláinte faoi láthair ach dá nglacfadh a chomhghleacaithe le cinneadh srianta taistil a chur i bhfeidhm nach mbainfeadh sin le hAontas na hEorpa ná leis an mBreatain.
Thar sáile, tá sé deimhnithe anois go bhfuil os cionn 100,000 duine básaithe de bharr Covid-19 sa Bhrasaíl ó thús na paindéime agus go raibh an galar tolgtha ag breis agus 3 mhilliún duine ansin.
Os a choinne sin, thug Rialtas na Nua-Shéalainne le fios inniu go raibh 100 lá caite ó deimhníodh aon chás nua de víreas sa tír sin. Tá 23 duine ansin fós tinn ag an ngalar agus dúirt urlabhraí de chuid na n-údarás sláinte ansin nach féidir fós féin na maidí a ligean le sruth.