Tá físeán ón aer d’Inis Mór Árann agus cuimhní cinn an cheoltóra mór le rá Mike Scott ó The Waterboys ar an tréimhse a chaith sé ina chónaí sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe breis agus tríocha bliain ó shin le foilsiú go hoifigiúil go luath.
‘Postcards from the Celtic Dreamtime’ is teideal don dán-amhrán nua a bheidh ar cheann de na traiceanna ar an 14ú albam de chuid The Waterboys, Good Luck, Seeker. Tá físeán a rinne ball den ghrúpa Steve Wickham d’Inis Mór ón aer i dteannta an dán-amhráin nua.
Tháinig The Waterboys chun cónaithe sa Spidéal sa bhliain 1988 agus thaifead siad an ceol agus na hamhráin don albam Fisherman’s Blues i dTeach Mór an Spidéil, baile dúchais An Tiarna Killanin.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2020/08/12316595_1034280519925809_2066798569311787640_n.jpg)
A chuimhne ar an tréimhse sin is ábhar do shaothar nua Mike Scott ‘Postcards from the Celtic Dreamtime’. Tráchtann sé ar a bheith ag breathnú trasna chuan na Gaillimhe ar chontae an Chláir “while westwards the Aran Islands wait for me, dark smoke-like shadows on the horizon”.
Thug The Waterboys cuairt ar Inis Mór le linn dóibh a bheith in iarthar na hÉireann agus chas siad ceol ag dhá cheolchoirm i Halla Rónáin.
Bhí an grúpa ceoil an-chairdiúil le ceoltóirí áitiúla fad is a bhí siad sa Spidéal agus bhí cairdeas ar leith idir Mick Scott agus Tomás Mac Eoin, an t-amhránaí aitheanta sean-nóis ón gCeathrú Rua. Tugadh cuireadh do Thomás Mac Eoin dán cáiliúil Yeats ‘The Stolen Child’ a aithris ar an albam a taifeadadh sa Spidéal.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2020/08/12322626_1034280513259143_8144852832167197270_o.jpg)
Bhí tionchar mór ag an tréimhse sa Spidéal ar Mike Scott agus rinne sé cur síos air sin ina leabhar Adventures of a Waterboy.
I nDún Éideann na hAlban a rugadh Mike Scott agus bhain sé cáil amach mar chumadóir agus mar amhránaí. Bhí ‘Whole of the Moon’ ar cheann de na hamhráin is mó a tharraing aird idirnáisiúnta air. Chaith sé sé bliana ina chónaí in Éirinn agus tá sé ag cur faoi anois i dtuaisceart na hAlban.
Seolfar Good Luck, Seeker, albam nua The Waterboys, Dé hAoine, an 21 Lúnasa.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2020/08/12294808_1034280433259151_6314229106728577845_n.jpg)