Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fontaines-dc,-greg-foat,-agus-al-wootton-–-albaim-na-miosa

Fontaines DC, Greg Foat, agus Al Wootton – Albaim na Míosa

| Ben O Faolain |

Fontaines DC – ‘A Hero’s Death’ (Partisan)

A Hero’s Death by Fontaines D.C.

Fé mar a dúirt Elvis Costello tráth, tá a saol ar fad ag grúpa chun a n-albam début a scríobh ach bíonn orthu é a shárú le albam uimhir a dó taobh istigh d’achar gearr ama. Má bhí amhras ar Fontaines DC nach raibh albam eile ar chaighdeán Dogrel iontu, agus ba imní den saghas sin, de réir dealraimh a spreag amhránaí an ghrúpa Grian Chatten chun liricí féin-chúnaimh an amhráin ‘A Hero’s Death’ a chumadh, níor ghá dóibh a bheith buartha.

 Tá ceol an albaim seo níos moille agus níos saibhre ná Dogrel, agus cé go mbeadh leisce orm a rá go bhfuil A Hero’s Death níos fearr ná a début, admhaím go dtaitníonn sé níos mó liom. Amhráin ionraice, fhileata iad seo. Cogar macánta i gcluas glúine, Gratten ag ímpí ort gan a bheith i do sclábhaí ag an gcóras caipitlíoch, i do chime cuibhrithe ag caidrimh idirphearsanta agus, fiú, gan diúltú don saol ar mhaithe le do shláinte. Crógacht thógálach.

Greg Foat – ‘Symphonie Pacifique’ (Strut)

Is mó cúnamh a thug an t-albam is déanaí seo leis an bpianódóir snagcheoil Greg Foat dom chun dul i ngleic le haiteas na dianghlasála ná aon sraith Netflix. An séú halbam eisithe ag Foat ó thús na bliana 2019, is saothar misniúil, ilchineálach é Symphonie Pacifique. Ní raibh riamh aon easpa samhlaíochta ag baint le cur chuige cumadóireachta Foat, agus sa chás seo tugann tionlacann Moses Boyd (drumaí) agus Phil Achille (dord) saoirse do Foat gluaiseacht ó shnagcheol aoibhinn liriciúil go fhuaim thaibhsiúil agus func leachtach gan cos a chur amú. Saothar suaithinseach.

Al Wootton – ‘Witness’ (Trule)

Tá cáil ar Al Wootton as a bhuamaí de rianta dordcheoil don urlár rince eisithe faoin ainm Deadboy ar lipéid mar Numbers agus Local Action. Ar Witness fileann Wootton ar bhunphrionsabail an cheoil dub agus UK Garage chun saothar dordcheoil domhain, dinimiciúil a chruthú don éisteoir baile. 

Cé go ndeir Wootton gur spreag fuinneamh amh clasaiceach albaim druma agus dord na seanré mar Timeless le Goldie agus Modus Operandi de chuid Photek i mbun gnímh é, tá stíl cheoil Witness féin ina chumasc d’eilimintí dub-teicneo leithéidí Basic Channel, dub-reigé Scientist agus an síog mhéith sin idir cheol dubchéime agus 2-step garage ar thug Sully faoi ar an albam ‘Carrier’ siar in 2011. Ceol fíréanta don ngaiscíoch dordcheoil aonar.

Níos mó