Tá aerfort i gceartlár na Gaeltachta roghnaithe mar an t-aerfort is áille ar domhan.
Bhuaigh Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn i nGaeltacht Thír Chonaill an duais don tríú bliain as a chéile. An comhlacht PrivateFly a bhronn an duais ar an aerfort tar éis dóibh vótaí a fháil ó na mílte taistealaí as na ceithre hairde.
Bhí Aerfort Dhún na nGall chun cinn ar aerfoirt sa Tansáin, sa Ghréig, in Albain agus i dtíortha eile.
“Is ann atá an radharc tíre is galánta ar domhain,” an moladh a bhí ag duine amháin a thug vóta d’Aerfort Dhún na nGall.
“Tá tú in ann na hoileáin agus na tránna galánta uile a fheiceáil ar do bhealach isteach. An Earagail agus na Rosa. Slí an Atlantaigh Fhiáin ar gach bealach!” a dúirt duine eile faoin aerfort.
Roghnaíodh Aerfort Dhún na nGall mar an t-aerfort is áille ar domhan in 2019 agus in 2018 chomh maith. Sa tríú háit a bhí sé sa vótáil in 2017.
Bhain an t-aerfort tuilleadh clú amach le mí anuas nuair a bhí sé le feiceáil sa chluiche ríomhaireachta Microsoft Flight Simulator 2020.
Tá an t-aerfort Gaeltachta ar cheann de 30 aerfort ar fud na cruinne a bhfuil samhail chruinn déanta díobh sa chluiche sin.
Bhain Microsoft úsáid as íomhánna satailíte chun na haerfoirt a chruthú agus meastar gur roghnaíodh Aerfort Dhún na nGall mar gheall ar áilleacht an cheantair mórthimpeall air.
Seoladh Microsoft Flight Simulator 2020 an mhí seo caite ar Windows.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2020/09/capture4.jpg)