Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comhairle-chrionna-do-lucht-na-chead-bhliana

Comhairle chríonna do lucht na chéad bhliana

| Domhnall O Braonain |

Tá tú fásta anois agus réidh leis an meánscoil. Nach iontach an chaoi a n-airíonn sé? Comhghairdeachas as cibé cén cúrsa atá faighte agat a fháil. Níl a fhios agam cén chaoi a raibh bliain dheireanach na scoile sa mbliain 2020 ach inseoidh mé é seo duit: beidh do chuid scrúduithe san ollscoil beagán níos deacra ná mar a bhí an Ardteist i mbliana.  

Níl cliú dá laghad agam cén chaoi a mbeidh cúrsaí foghlamtha i dtús na bliana acadúla seo ach triailfidh mé beagán comhairle ghinearálta a chur oraibh.

Cuir ceisteanna

Mar a dúirt mé cheana féin, is duine fásta anois thú. Níl léachtóir ná teagascóir le dul thart ag chuile dhuine sa léachtlann ná sa seomra ranga ag déanamh cinnte go bhfuil sibh ar fad ag tuiscint a bhfuil á rá aige. Mura bhfuil tú cinnte faoi rud éicint, cuir ceist agus ná bí fágtha ag scríobadh do mhullaigh agus méar i do bhéal agat ag iarraidh a bheith ag oibriú amach céard a bhí i gceist ag an té atá do do mhúineadh. 

I mbliana beidh rudaí cineál difriúil. Mar sin seans go mbeidh cuid de na ranganna beo ar aip éicint ar nós Zoom, ceanna eile taifeadta roimh ré, agus an méid atá fágtha ar an gcampas (ranganna saotharlainne den chuid is mó, a déarfainn). 

Dá bhrí sin mura bhfuil an rang beo os do chomhair nó má tá tú beagán cúthaileach cuir, ríomhphost chuig an léachtóir nó an teagascóir le do cheist. Ní cheapfaidh sé go bhfuil tú aisteach.

Cairde agus clubanna

B’fhéidir nach bhfuil mórán maitheasa sa bpointe seo i mbliana ach má tá seans agat páirt a ghlacadh sna clubanna, déan sin. Casfaidh tú le grúpaí daoine atá ar aon intinn leat nó daoine a bhfuil suim acu sna cineálacha rudaí céanna leatsa. Peileadóirí, cadhcálaithe, léitheoirí, díospóirí agus rud ar bith eile faoin spéir. Mura bhfuil club ann a thaitníonn leat is féidir iarracht a dhéanamh ceann a thosnú . Is bealach iontach iad na clubanna le castáil le daoine taobh amuigh de do chúrsa agus, má théann an saol ar ais go dtí an gnáthrud arís, bíonn deiseanna iontacha taistil a ghabhann le cuid acu. Surfáil i Maracó, sciáil sa bhFrainc agus turais mar sin ar fud na háite.

Ná bíodh faitíos ort labhairt le daoine nua ach an oiread. Beidh tú in ann a oibriú amach cé a thaitníonn leat agus cé nach dtaitníonn agus beidh do ghang féin agat ag dul isteach sa dara bliain. Chuile uair a chasfaidh tú le duine nua lig ort féin gur ag léimneacht de dheireadh céibhe atá tú agus tosaigh comhrá leis..

Ag obair sa mbaile

Beidh formhór na ranganna ag tarlú sa mbaile, mar sin glac leis an gcomhairle seo. 

Socraigh spás oibre duit féin in áit éicint sa teach, san árasán nó cibé cén áit é, nach é do sheomra codlata é. 

Má dhéanann tú do chuid oibre san áit a mbíonn tú ag codladh ní bheidh tú in ann díriú ar do chuid oibre mar beidh tú ag smaoineamh ar do leaba nó do leabhar nó Netflix nó rudaí eile a dhéanann tú i do sheomra. Chomh maith leis sin ní bheidh tú in ann codladh mar beidh tú ag déanamh cipíní faoin aiste nach bhfuil scríofa fós nó an tionscnamh atá le críochnú atá suite taobh leat san oíche.

Ó tharla go mbeidh an chuid is mó de do lá á chaitheamh agat ar do ríomhaire, b’fhéidir nach droch smaoineamh é péire de na spéaclaí sin a chosnaíonn do chuid súile ón solas gorm a thagann ón scáileán a fháil. Má chaitheann tú rófhada ag stánadh ar an scáileán gheobhaidh tú tinneas cinn, tiocfaidh tochas i do chuid súile, agus ní bheidh tú in ann codladh.

Mura bhfuil tú ag iarraidh na spéaclóirí sin a cheannach, bain úsáid as an ‘rial 20/20/20’. Chuile 20 nóiméad a chaitear ar an ríomhaire deirtear gur cheart stánadh ar spota atá thart ar 20 troigh uait (thart ar shé mhéadar) uait ar feadh 20 soicind. Deirtear go sábhálfaidh sé do chuid súile. Ní dochtúr mé, níl anseo ach comhairle a chuala mise cheana. 

Bainistíocht ama

Tá bristeacha nó sosanna thar a bheith tábhachtach. Mura dtógann tú bristeacha anois is arís, ní shúfaidh tú isteach aon eolas agus ní éireoidh leat an méid céanna oibre a dhéanamh. Má airíonn tú go bhfuil tú ag tosnú ag zoneáil amach tóg briseadh, bíodh cupán tae agat nó tabhair an gadhar amach ar shiúlóid, agus ansin téigh ar ais chuig an obair. Mar sin féin, ná tóg briseadh chuile chúig nóiméad. Ní éireoidh leat mórán a dhéanamh ar an gcaoi sin ach an oiread.

Moladh mór atá agam maidir le obair baile ná é a dhéanamh an soicind a chuireann an léachtóir an t-ábhar ar fáil — go háirid más rud éasca ar nós 20 ceist ilrogha atá ann. Déan chomh luath in Éirinn agus is féidir leat é mar ídeoidh sé strus agus beidh tú níos compordaí nuair a bheidh tú ag déanamh do ghnó phearsanta. 

Ná bí i do phian sa tóin

Thar ceann chuile dhuine a bheidh ar ollscoil leat, má bhíonn tionscnamh grúpa ann, tabhair cúnamh do do chuid comhghleacaithe. Ná ceap go ndéanfaidh an chuid eile den fhoireann an obair uilig. Tá dhá chúis leis seo: ar an gcéad dul síos, cuirtear ceistneoir thart tar éis tionscnamh a chríochnú ag fiafraí de chuile dhuine cé chomh cabhrach agus a bhí na daoine ar fad ina ngrúpa. Mura ndéanann tú do chuid, gheobhaidh tú marc níos ísle. Chomh maith leis sin ní maith le duine ar bith an leisceadóir ar a bhfoireann. Níl tú ag iarraidh an droch-cháil sin a tharraingt ort féin ná an obair bhreise a chur ar na daoine i do ghrúpa.


Ar aon chuma, sin é an méid atá le rá agamsa. Tá súil agam go n-éireoidh go geal libh sa mbliain seo cibé cé chomh haisteach agus a bheidh sé agus , le cúnamh Dé, tosnóidh na campais ag oscailt arís de réir a chéile.

Níos mó