Dhiúltaigh duine de mhórGhaeil Bhéal Feirste páirt a ghlacadh i gclár teilifíse dátheangach mar nach raibh sé i gceist fotheidil Ghaeilge a chur leis an gcaint i mBéarla ar an gclár.
Thug Tomás Ó Monacháin, Ie fios do lucht déanta an chláir faoi stair na Gaeilge i mBéal Feirste, go mbeadh sé toilteanach páirt a ghlacadh ann dá gcuirfí fotheidil Ghaeilge leis na píosaí cainte Béarla ann.
Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir gur chuir Ó Monacháin a mhíshástacht in iúl don chomhlacht léirithe faoin bpolasaí a bhíonn ag cláir ar TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann fotheidil Bhéarla a chur le caint as Gaeilge agus gan aon fhotheidil a chur le caint as Béarla.
Comhléiriú idir BBC Thuaisceart Éireann agus TG4, a fuair maoiniú ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge sa Tuaisceart, atá sa chlár a chaitheann súil ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste le 50 bliain anuas.
Gael aitheanta as Béal Feirste é Tomás Ó Monacháin atá ina chónaí in nGaoth Dobhair le fada. Is mó feachtas ar son cearta teanga a raibh lámh aige ann i gcaitheamh a shaoil agus thug sé dúshlán an stáit sa Chúirt Uachtarach in iarracht cuid de na cearta sin a dhaingniú.
Thug an comhlacht le fios do Thomás Ó Monacháin go gcloíonn siad leis an ngnáthchleachtas maidir le fotheidil ar chláir dhátheangacha, is é sin gur ar na píosaí Gaeilge amháin a chuirtear fotheidil.
Dheimhnigh TG4 agus an BBC gurb é sin an polasaí atá acu féin.
Dúirt urlabhraí ó BBC Northern Ireland:
“Cé go raibh díomá orainn nach raibh duine de na daoine ar iarradh orthu páirt a ghlacadh sa léiriú nua sásta sin a dhéanamh, tá meas againn ar an gcinneadh sin.
“I gcás ábhair Ghaeilge atá dírithe ar an lucht féachana i gcoitinne, ní chuirfimid fotheidil le cainteoirí Béarla.”
Dúirt urlabhraí ó TG4:
“Is seirbhís inrochtana iad na fotheidil don phobal féachana nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus don phobal a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu chun go mbeidh teacht ar an oiread is féidir den phobal féachana ar an nGaeilge agus ar chláir TG4.”