Tá Gaeilge ag ochtar den naonúr ball ar Choiste nua Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.
An Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí, Danny Healy-Rae, an t-aon duine nach bhfuil Gaeilge aige a bheidh ar an gcoiste a mbeidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh ina chathaoirleach air.
Níl ach bean amháin i measc an naonúir, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar an gcoiste roimhe seo.
Tá beirt iar-airí stáit Gaeltachta ar an gcoiste, Joe McHugh, Fine Gael, a chaith dhá thréimhse i Roinn na Gaeltachta agus Dara Calleary, Fianna Fáil, a raibh coicís aige ansin an samhradh seo.
Triúr Teachtaí Dála eile ó pháirtithe an Rialtais atá ar an gcoiste, Fergus O’Dowd, Fine Gael, Marc Ó Cathasaigh, Comhaontas Glas, agus Aindrias Moynihan, Fianna Fáil.
Is é Moynihan, arb as Gaeltacht Mhúscraí dó, an t-aon bhall den choiste arb as an nGaeltacht dó, cé go bhfuil ceantair Ghaeltachta i ndáilcheantair fhormhór na mball.
Is é Pa Daly, a toghadh chun na Dála i gCiarraí in olltoghchán na bliana seo, an ball eile atá ag Sinn Féin ar an gcoiste.
Cuireadh rún maidir le bunú comhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi bhráid na Dála an tseachtain seo.
Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge an teideal oifigiúil a bheidh ar an gcoiste nua.
Deir cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, gurb í an fhadhb is mó atá le sárú gur “cuma sa sioc” leis na ranna Rialtais faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht.
Deir sé go mbeidh ceist mhaoiniú na Gaeilge i measc na dtosaíochtaí a bheidh aige.
Ó tharla an comhthionól ó thuaidh ar ais “ní bheidh aon bhac ar an Rialtas seo maoiniú a chur ar fáil anois d’Fhoras na Gaeilge agus do na heagrais Ghaeilge,” ar sé.
Beidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag díriú chomh maith ar chás an bhille teanga agus ar roinnt ábhar eile.
“Beidh mé ag déanamh cinnte de go gcuirfear brú ar an Rialtas maidir le foilsiú an Bhille Teanga agus an bille sin a dhéanamh níos láidre.
“Tá an bille an-tábhachtach ach ní hé amháin a dhéanfaidh tarrtháil ar an nGaeilge. Tá gá breathnú ar an ngaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht agus ar chur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht.
“Faoi láthair tá an Roinn Oideachais ag obair ar an mbunús go bhfuiltear le héileamh an Ghaeloideachais a shásamh seachas é a chothú agus sin rud a bheas mé ag díriú air go cinnte. Beidh mé ag díriú chomh maith ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta. Ba cheart go mbeadh an tÚdarás aitheanta mar is ceart mar eagras fiontraíochta agus go mbeadh an maoiniú cuí ar fáil dó.”
Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil sé dóchasach go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta le linn na tréimhse nua Dála, ach gurb é an dúshlán is mó a bheadh ann ná meon daoine sa Rialtas agus sa státchóras a athrú.
“Cé go bhfuil na fadhbanna aitheanta sna straitéisí éagsúla gan tairbhe atá foilsithe ag an rialtas, léiríonn an ghéarchéim ina bhfuil an Ghaeltacht nár caitheadh airgead ceart sa Ghaeltacht ná ar an nGaeilge agus nár bronnadh cearta ar lucht na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta,” a dúirt an cathaoirleach nua.