![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-giolc-gaeilge-gallagher-–-amhranai-oasis-ag-gaeilgeoireacht-ar-line](/wp-content/themes/yootheme/cache/f2/giolc-gaeilge-gallagher-amhranai-oasis-ag-gaeilgeoireacht-ar-line-f2cdd5f7.jpeg)
Giolc Gaeilge Gallagher – amhránaí Oasis ag Gaeilgeoireacht ar líne
Tharraing an ceoltóirí Liam Gallagher aird na nGael ar Twitter nuair a bheannaigh sé dóibh ag 05.05 maidin inniu. Dhá fhocal Gaeilge, ‘Maidin Mhaith’, a scríobh an ceoltóir, a bhain a cháil amach os cionn fiche bliain ó shin leis an mbanna clúiteach Oasis, dá 3,400,000 leantóir ar Twitter moch maidin inniu.
Maidin Mhaith
— Liam Gallagher (@liamgallagher) September 4, 2020
Tá anois ar Liam a bheith ábhairín aisteach ar Twitter agus ráitis gan mórán céille iontu a scaoileadh dá chuid leantóirí. Ach tá sé de nós aige ‘Good morning’, nó leaganacha eile Béarla den bheannacht, a scríobh go réasúnta rialta ar an suíomh, agus inné ba le lucht labhartha na Spáinnise a bhí sé ag caint nuair a d’fhógair sé ‘Buenos Dias’ ar a lucht leanta.
Éireannaigh a bhí i dtuismitheoirí an Ghallchóraigh, Peggy agus Thomas Gallagher, ach níor léirigh Liam ná a dheartháir Noel mórán spéise i dteanga a sinsear go dtí seo.
Thapaigh lucht labhartha na Gaeilge ó thuaidh an deis giolc Gaelach an Ghallchóraigh a úsáid le spochadh as ceannaire an pháirtí Alliance, Naomi Long, a dúirt go raibh an Ghaeilge “conspóideach” an lá cheana.
Oooh wonder how Naomi Long and Alliance would feel about this contentious greeting
https://t.co/lbxrmkKSYc
— Caitríona Ní Chorráin (@kat_ghirl) September 4, 2020
Is this uncontentious because it’s from outside Ireland? What a weird world some people inhabit. Get off the fence. Language rights now! https://t.co/OSdySd1rs0
— Donncha Ó Cathasaigh (@dinnycasey) September 4, 2020
So Oasis just became “contentious”
https://t.co/Hp4KWX96sZ
— An Dream Dearg
(@dreamdearg) September 4, 2020