Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil an chosúlacht air go mbeidh torthaí 6,500 dalta le leasú de bharr na n-earráidí a aimsíodh ar chóras ghráid mheasta na hArdteistiméireachta.
Gheobhaidh na daltaí seo grád amháin níos airde ná mar a fuair siad sna torthaí atá faighte acu.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley chomh luath agus a bheadh na torthaí cruinne eisithe, go n-aithneodh an Lároifig Iontrála (CAO) na daltaí sin nach bhfuair tairiscint ar áit ar a rogha cúrsa agus go bhféachfaí “conas a d’fhéadfaí freastal ar an daltaí sin”.
Dúirt sí nár chóir go dtarlódh na hearráidí a tharla ach mhaígh sí nach mbeadh aon dalta faoi mhíbhuntáiste dá mbarr.
Faoi chóras seo na ngrád measta, bhí sé i gceist torthaí an dalta sna trí chroí-ábhar, Gaeilge, Béarla, agus Matamaitic, a chur lena dtorthaí sa dá ábhar eile ab fhearr inar chruthaigh siad. Ach de bharr “earráid chódúcháin” ba iad a gcuid torthaí don dá ábhar ba mheasa inar chruthaigh siad a cuireadh sa gcomhaireamh.
An dara hearráid chódúcháin a rinneadh nár baineadh as an gcomhaireamh torthaí na ndaltaí san ábhar Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) mar a bhí socraithe ag an Roinn Oideachais. Aon dalta a fuair grád níos airde de bharr na n-earráidí seo, fágfar acu an grád sin.
Aon dalta a chaill grád de bharr na n-earráidí, tabharfar an grád ceart dóibh anois.
Dé Céadaoin seo caite a chuir an comhlacht as Ceanada, a rinne an t-athbhreithniú ar chóras na ngrád measta, ar an eolas í féin faoi na hearráidí, a dúirt an tAire.
An Taoiseach Micheál Martin a d’fhógair sa Dáil inniu go raibh locht ar an gcóras.
Dúirt Uachtarán Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (an ASTI) Ann Piggott gur “ábhar mór iontais” di a fháil amach faoin dá fhabht ar an gcóras.
Cháin an freasúra an rialtas as an tslí a láimhseáladh an scéal.
Dúirt urlabhraí oideachais pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin gur údar “alltachta” a bhí sa scéal agus mhaígh sé go raibh “praiseach eile” déanta i dtaobh chóras na ngrád measta.
Dúirt urlabhraí Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire gur “ábhar iontais amach is amach” a bhí sa scéal agus go raibh go leor ceisteanna le freagairt faoi.
Dúirt an Taoiseach gurb é an chéad rud a chaithfí a dhéanamh ná teagmháil a dhéanamh leis na daltaí a d’fhéadfadh gráid níos airde a bheith i ndán dóibh.
Bhí sé tábhachtach go gcabhrófaí leis na daltaí sin maidir le dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, arsa an Taoiseach.