![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comortas:-‘cre-na-cille’-agus-‘rogha-scealta’-le-buachan](/wp-content/themes/yootheme/cache/94/comortas-cre-na-cille-agus-rogha-scealta-le-buachan-94c74dca.jpeg)
COMÓRTAS: ‘Cré na Cille’ agus ‘Rogha Scéalta’ le buachan
Tá áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil cóip de Cré na Cille agus Rogha Scéalta leis an údar Gaeltachta Máirtín Ó Cadhain le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí. Tá an comórtas seo á reáchtáil i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht mar chuid den chomóradh atá ar bun faoi láthair ar cothrom 50 bliain bhás an Chadhnaigh.
Tá an comórtas oscailte dár gcuid leantóirí ar na meáin shóisialta.
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2020/10/20201020_172701-1024x461.jpg)
Ar Twitter: Déan athghiolc le trácht (quote-tweet) ar an ngiolc seo, cuir clib ar chara leat ann, agus abair linn cérbh as do Mháirtín Ó Cadhain. Ná déan dearmad @CloIarChonnacht a leanúint!
COMÓRTAS: ‘Cré na Cille’ agus ‘Rogha Scéalta’ le buachan https://t.co/H2TJeL1r93
— NÓS (@nosmag) October 20, 2020
Ar Instagram: Tabhair croí don phictiúr seo, lean @dean_feine, cuir clib ar chara leat sna tráchtanna, agus abair linn cérbh as do Mháirtín Ó Cadhain. Ná déan dearmad @CloIarChonnacht a leanúint!
Ar Facebook: Tabhair ordóg don phostáil seo, cuir clib ar chara leat sna tráchtanna, agus abair linn cérbh as do Mháirtín Ó Cadhain. Ná déan dearmad Cló Iar-Chonnacht a leanúint!
COMÓRTAS: Dhá leabhar – ‘Cré na Cille’ agus ‘Rogha Scéalta – le Máirtín Ó Cadhain le bronnadh againn ar dhuine dár…
Posted by NÓS on Dé Máirt 20 Deireadh Fómhair 2020