![](/wp-content/themes/yootheme/cache/4f/ad-4f52028c.jpeg)
Madadh teiripe ag Scoil an Droichid
madadh teiripeach ag Scoil an Droichid from Meon Eile on Vimeo.
Dhá bhliain ó shin chuir príomhoide Scoil an Droichid, Fionnghuala McCotter, tús le próiseas chun madadh teiripe a fháil don scoil a chuideodh le páistí a bhfuil riachtanais speisialta orthu.
Agus sa deireadh tá madadh darb ainm Lexi faighte ag an scoil anois ón eagras ADNI (Assistant Dogs NI). Thug Lexi agus a traenálaí, Gary, cuairt ar an scoil den chéad uair ag tús na míosa, am a chuaigh siad ar turas thart ar na ranganna agus a bhuail siad leis na páistí ar fad agus le foireann na scoile.
Aimseadóir buí í Lexi agus bhí gach duine sa scoil an-tógtha lena gcara nua. Beidh Lexi ag obair sa scoil mar theiripeoir cúpla uair sa tseachtain ag tabhairt cuidiú le forbairt shóisialta agus oideachas na bpáistí. Seo an chéad uair a bhfuil madadh teiripe ag Gaelscoil sna Sé Chontae.
Ní bheidh Lexi leis an scoil ach ar feadh bliain amháin, agus tuigeann Fionnghuala an tábhacht leis an obair atá Lexi a dhéanamh. Agus cé go mbeidh an príomhoide ag éirí as an phost go luath, tá spriocanna aici madadh lánaimseartha a fháil don scoil. Beidh ar mhúinteoir amháin an madadh a thabhairt abhaile agus ar ais chun na scoile achan lá agus aire a thabhairt dó. Tá smaointe cheana féin ag an fhoireann faoi dóigh le bia agus táirgí an mhadaidh a mhaoiniú.
Má tá tú ag iarraidh lámh chuidithe a thabhairt agus airgead a dheonú don scoil, coinnigh súil ar mheáin shóisialta Scoil an Droichid mar go mbeidh siad ag reachtáil ócáid tiomsaithe airgid roimh i bhfad.