Cé go bhfuil méadú mór fós ag teacht ar ráta an Covid-19 i bhformhór Dhún na nGall, tháinig laghdú ar líon na gcásanna i gcuid de na ceantair Ghaeltachta sa chontae le tamall beag anuas.
Tá an ráta Covid-19 is airde sa tír sa Leifear-Srath an Urláir agus 602.6 cás in aghaidh gach 100,000 duine deimhnithe sa toghcheantar idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair.
Tháinig ardú mór ar an ráta i ngach toghcheantar eile sa chontae seachas ceann na nGleanntach in iarthuaisceart Dhún na nGall, ina bhfuil formhór Ghaeltacht an chontae lonnaithe.
Idir an 15-28 Meán Fómhair, bhí ráta 142.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine i dtoghcheantar na nGleanntach, ach tá an figiúr sin anois tite go dtí 121.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine de réir na staitisticí is deireanaí, titim 15%.
Bhí ardú mór le feiceáil ar an ráta sna toghcheantair eile sa chontae – ráta 347.8 a bhí i gCarn Domhnach (ardú 235.8), ráta 332.3 a bhí i Leitir Ceanainn (ardú 124.3), ráta 241.4 a bhí i mBun Cranncha (ardú 125.2), ráta 192.5 a bhí i mBaile Dhún na nGall (ardú 128.3) agus ráta 116.2 a bhí i mBaile na nGallóglach (ardú 43.6).
Deimhníodh 29 cás nua ar fad i gceantar na nGleanntach idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair.
Laghdaigh an ráta sa cheantar thart ar Ghaeltacht Mhúscraí chomh maith, de réir na bhfigiúirí is déanaí.
Tháinig méadú níos mó ná a dhá oiread ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha idir an 22-28 Meán Fómhair ach bhí laghdú beag le feiceáil sna figiúirí is deireanaí agus an ráta Covid-19 tite sa cheantar ó 54.9 go dtí 51.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine.
Is é toghcheantar Mhaigh Chromtha an t-aon cheann i gCorcaigh inar tháinig laghdú ar an ráta Covid-19 idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair.
Cé go bhfuil líon na gcásanna laghdaithe thart ar cheantair Ghaeltachta i nDún na nGall agus i gCorcaigh, a mhalairt atá fíor i bPort Láirge.
Is é toghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge, an t-aon cheann sa chontae inar tháinig méadú ar an ráta Covid-19 le seachtain anuas.
Thángthas ar naoi gcás sa cheantar idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair agus bhí ráta 43.9 cás in aghaidh gach 100,000 duine ann sa tréimhse sin. B’in í an chéad uair ó thús na míosa seo caite nuair a tosaíodh ag foilsiú na bhfigiúirí toghcheantar ar deimhníodh níos mó ná ceithre chás i nDún Garbháin in achar coicíse.
Léirigh na staitisticí go raibh an ráig a bhuail cathair Phort Láirge an mhí seo caite curtha faoi smacht agus titim shuntasach tagtha ar an ráta sa Trá Mhór-Cathair Phort Láirge Thiar, i gCathair Phort Láirge Theas agus i gCathair Phort Láirge Thoir.
I gCiarraí, tháinig méadú beagnach níos mó ná a dhá oiread ar líon na gcásanna i dtoghcheantar an Neidín, ina bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh lonnaithe. Aimsíodh 23 cás nua sa cheantar idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair agus ráta 91.8 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar, an ráta is airde i gcontae Chiarraí. Níos lú ná cúig chás a bhí i gCorca Dhuibhne le linn na tréimhse céanna.
Bhí na figiúirí do Chonamara díreach mar a bhí seachtain ó shin. Sé chás nua a deimhníodh i gConamara Theas idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair agus d’fhág sin go raibh ráta 28.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa toghcheantar Gaeltachta.
Ocht gcás nua eile a bhí i gConamara Thuaidh le linn na tréimhse sin agus ráta 46.5 ann.
Chonacthas ardú mór i gCathair na Gaillimhe Láir le cúpla seachtain anuas agus an ráta Covid-19 méadaithe ó 71.2 cás go dtí 217.2 cás in aghaidh gach 100,000 in aon seachtain amháin.
I nGaeltacht Mhaigh Eo, tháinig ardú ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead. Cúig chás a deimhníodh ann idir an 22 Meán Fómhair agus an 5 Deireadh Fómhair agus ráta 39.7 i gceist. Níos lú ná cúig arís a tuairiscíodh i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh suite.
Tháinig ardú ar líon na gcásanna i mbeangach gach doghcheantar i gcontae na Mí le seachtain anuas, na cinn thart ar na ceantair Ghaeltactha san áireamh.
Cúig chás a deimhníodh i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Bhí 39 cás i dtoghcheantar Cheannanais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib. D’fhág sin go raibh ráta 120.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.