Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
  • Baile
  • Nuacht
  • Nuacht
  • Tuairisc
  • Covid-19
  • D’fhéadfadh an saol a bheith ‘ar ais ar a chosa arís faoi lár na bliana seo chugainn’ agus vacsaín éifeachtach eile forbartha
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-d’fheadfadh-an-saol-a-bheith-‘ar-ais-ar-a-chosa-aris-faoi-lar-na-bliana-seo-chugainn’-agus-vacsain-eifeachtach-eile-forbartha

D’fhéadfadh an saol a bheith ‘ar ais ar a chosa arís faoi lár na bliana seo chugainn’ agus vacsaín éifeachtach eile forbartha

Tá éifeachtúlacht suas le 90% ag an vacsaín nua as Oxford agus má éiríonn léi, d’fhéadfadh an saol a bheith ar ais ar a chosa arís faoi lár na bliana seo chugainn.

Ollscoil Oxford agus AstraZeneca a rinne an vacsaín seo a fhorbairt agus tá torthaí níos fearr uirthi ó thaobh eifeachtúlachta de ná a bhíothas a thuar.

Agus é faoi agallamh ar News at One ar raidió RTÉ inniu, dúirt an tOllamh Adrian Hill, saineolaí vacsaíní a rugadh i mBaile Átha Cliath agus atá i gceannas ar Institiúid Jenner in Oxford, mar ar forbraíodh an vacsaín is déanaí seo don Covid-19 “go bhféadfadh muid a bheith ar ais ar an ngnáthshaol faoi mhí na Bealtaine nó an Mheithimh”.

Chuir an tOllamh Hill fainic orainn faoin ródhóchas mar dúirt sé nach mbeadh an vacsaín ar fail go dtí an athbhliain, seachas roinnt bheag dáileog a bheadh ar fáil mí na Nollag. Dúirt sé go raibh sé fíor-riachtanach dá réir go gcloífeadh daoine leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Dúirt an tOllamh Tess Lambe, a rugadh sa tír seo chomh maith agus a rinne comhdhearadh ar vacsaín AstraZeneca agus Ollscoil Oxford nár oibrigh sí chomh crua riamh ina saol.

“Bhí gach uile dhuine ar a míle dícheall ag obair ar an taighde seo, seacht lá na seachtaine, gan sos ná staonadh. Bhí an t-ádh orainn agus tá toradh ar ár saothar,” a dúirt an tOllamh Tess Lambe ar an gclár Today with Claire Byrne ar raidió RTÉ.

Deich mí a bhíothas ag obair ar an vacsaín nua seo, obair deich mbliana de ghnáth.

Má fhaigheann vacsaín Oxford ceadúnas, beidh ceithre mhilliún dáileog di ar fáil don tír seo, faoi mhargadh a rinneadh roimh ré leis an Aontas Eorpach.

Tá focal againn chomh maith ar thrí mhilliún dáileog de vacsaín Pfizer BioNTech agus suas le 1.6 milliún dáileog de vacsaín Moderna.

Idir 62% agus 90% éifeachtúlacht a bhí ag vacsaín Oxford ag brath ar mhéid na dáileoige a tugadh don duine sa triail.

Nuair a tugadh leathdháileog agus dáileog iomlán mí níos déanaí, bhí éifeachtúlacht 90% aici.

Nuair a tugadh dhá dháileog iomlán mí óna chéile, éifeachtúlacht 62% a bhí aici. Ar an meán bhí éifeachtúlacht 70% ag vacsaín Oxford/AstraZeneca.

Ní hionann an teicneolaíocht a úsáideadh le vacsaíní Pfizer/BionNTech agus Moderna, agus tá siad sin ag maíomh éifeachtúlacht 95%.

Tá eolaithe ag rá nach ionann torthaí Oxford agus na trialacha eile mar go ndearnadh trialacha ar dhaoine a bhí an-tinn chomh maith le daoine nach raibh ródhona in Oxford, rud nach ndearnadh sa bpéire eile.

Léiríonn trialacha Oxford/AstraZeneca go n-oibríonn an vacsaín seo chomh maith céanna ar sheandaoine agus a oibríonn sé ar dhaoine nach bhfuil sean.

Tá comharthaí beaga dóchais ann freisin go mb’fhéidir go gcuideodh an vacsaín seo le scaipeadh an ghalair a chosc.

Tá instealladh Oxford i bhfad níos saoire ná an péire eile agus is fusa an vacsaín a stóráil agus a sheoladh ar fud na cruinne.

“Tugann fógra an lae inniu céim níos gaire muid don lá a mbeimid ábalta vacsaíní a úsáid chun deireadh a chur leis an scrios atá déanta ag an Covid-19 ar fud an domhain,” a dúirt an tOllamh Sarah Gilbert ó Ollscoil Oxford, an bhean a bhí i gceannas ar an taighde ansin.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge