![](/wp-content/themes/yootheme/cache/4b/three2_400_Screenshot_2020-11-10_at_15.50.54-4b185c54.jpeg)
Toradh an toghcháin sna Stáit Aontaithe
Beidh an Daonlathaí Joe Biden ar an 46ú Uachtarán de chuid Stáit Aonatithe Mheiriceá i ndiaidh dó an toghchán is déanaí a bhaint an tseachtain seo caite.
Fuair sé 290 vóta toghchánach nuair a bhí 270 de dhíth air le baint. Fuair an Poblachtánach Donald Trump 214. Beidh Kamala Harris anois ina Leas-Uachtarán, an chéad bhean agus an chéad Mheiriceánach Afracacha, a toghadh sa ról sna Stáit Aontaithe.
Labhair Meon Eile leis an phobal chun a dtuairimí a fháil ar thoradh an toghcháin dhrámata seo. Thug Fearghal Ó Caiside, Cormac ‘Buzz’ Ó Briain agus Fearghal Mac Bloscaidh a dtuairimí ar an ábhar.