Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceannaigh-sa-ghaeltacht!-liosta-bronntanas-as-conamara

Ceannaigh sa Ghaeltacht! Liosta bronntanas as Conamara

| Aine Mhaoir |

An bhfuil bronntanais Nollag á lorg agat fá choinne do theaghlaigh agus do chairde faoi láthair? An bhfuil deacracht agat rud éigin atá pearsanta, speisialta agus a rinneadh in Éirinn a aimsiú? Ná bí buartha, seo daoibh smaointe de bhrandaí atá ar fáil ar shlí an Atlantaigh Fhiáin i nGaeltacht Chonamara an Nollaig seo!


Pacáiste ceithre phróca – €18 ón mBuilín Blasta

Caifé atá suite ar imeall na farraige i gCeardlann an Spidéil, tá Gaeilge agus fáilte anseo, chomh maith le bia den chéad scoth. Déantar seatnaí, anlann, blastán agus maonáis dá gcuid féin, atá ar fáil le ceannach ar an suíomh anois. Is féidir ciseán galánta a chur le chéile mar bhronntanas do do chuid tuismitheoirí, nó fiú duit féin, más mian leat! Tá an Builín Blasta ag cur duais ar fáil fá choinne comórtais do léitheoirí NÓS, ciseán le 3 phróca d’anlann s’acu féin agus dearbháin €20. Coimeádaigí súil amach don comórtas!

Uachtar Aghaidhe agus Uisce Glantach – €37 ó Rí na Mara

Comhlacht cúraim craicinn a bhaineann úsáid as táirgí nádurtha atá ar fáil ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá algaí saibhre na farraige ina gcomhábhar i ngach táirge ón gcomhlacht cosmaidí feamainne seo. Tá éileamh ollmhór tagtha ar chúram craicinn le blianta anuas, agus daoine ag tabhairt air dá gcuid craicinn gan damáiste a dhéanamh. Tá go leor táirgí ar fáil ar shuíomh Rí na Mara le cuma óg agus shláintiúil a chur ort féin! Is smaoineamh deas é an t-uachtar aghaidhe agus uisce glantach a cheannach le chéile mar bhronntanas an Nollaig seo. Tá Rí na Mara ag cur lascaine 10% ar fáil leis an gcód CHRISTMAS.

Bosca coinnle  lámhdhéanta soighe agus cnó cócó – (€34.95) ó Fhiáin

Branda cóirithe agus maireachtála ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ina bhfuil achan táirge lámhdhéanta ag Dara agus Caitríona. Tá raon leathan táirgí ar fáil ó earraí leathair go fearais bhearrtha. Déanann an comhlacht Fiáin coinnle eiticiúla gan peitriliam iontu. Déantar na coinnle le céir cnó cócó agus soighe, le rogha éagsúla bolaí ar fáil, mar shampla:  líoma & ómra. Tabhair tacaíocht don chomhlacht speisialta seo an Nollaig seo le coinnle do do mháthair nó fearas bearrtha do d’athair!

Poitín (50cl) – €38.99 ó Mhicil

B’fhéidir gur deoch beag atá á lorg agaibh le tabhairt do mhamó an Nollaig seo? Is fiú buidéal Micil Poitín a fháil, déanta as eorna bhraiche  agus oideas teaghlaigh atá 170 bliain d’aois in úsáid acu. Tá an poitín ar fáil le ceannach ar shuíomh idirlín Celtic Whiskey Shop faoi láthair. Tá jin á dhéanamh ag Micil freisin, más fearr le do mhuintir triail a bhaint as sin. Sláinte mhaith, mar a deirtear i gConamara!

Geansaí ‘Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine – €34 ón Spailpín Fánach

Siopa éadaí a chuireann Gaeilge ar tháirgí uilig s’acu! Tá An Spailpín Fánach lonnaithe i gceardlann an Spidéil agus cé nach bhfuil an siopa oscailte faoi láthair, is féidir táirgí a ordú ar líne agus iad a bhailiú ón siopa. Is bronntanas an-oiriúnach é an hoodie a deir ‘ar scath a chéile a mhaireann na daoine’ don bliain aisteach seo! Tá go leor eile ar an suíomh freisin, do pháistí, daoine fásta agus daoine aosta. 

Create Your Own Hamper– ag tosú ag €7.50 ó Mhainistir na Cille Móire

Thig leat do chiseán féin a chur le chéile leis na táirgí éagsúla atá ar fáil ó shuíomh Kylemore Abbey. Tá anlann, subh, seacláid, seatnaí, marmaláid, maróg Nollag, earraí potaireachta, cuimhneachán agus go leor eile ar fáil ar an suíomh le ciseán galánta a dhearadh agus a thabhairt do do mhuintir. Ábhar lámhdhéanta le bronntanas pearsanta álainn a roinnt le do theaghlach an Nollaig seo.

Salann feamainne (50g) – €4.95 ó Connemara Organic Seaweed Company

Comhlacht a chuireann táirgí inbhuanaithe ar fáil trí húsáid a bhaint as feamainn inite. Cuireann siad táirgí cúraim craicinn ar fáil, chomh maith le táirgí bia. Ceannaigh cúpla próca Seaweed Salt nó Seaweed Seasoning s’acu, chomh maith le roinnt Sweet Kelp & Kombu Kelp le pacáiste deas a chur le chéile fá choinne duine éigin gur breá leo a bheith ag cócaráil. Blasta agus folláin! Déan cinnte go n-ordaíonn sibh roimh an 10ú Nollaig le cinntiú go dtagann bhur gcuid táirgí in am don lá mór!


Táim buíoch as achan comhlacht a bhí sásta labhairt liom agus an t-eolas, pictiúir, lascainí & táirgí a chur siad ar fáil. Ná déanaigí dearmad tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Éireannacha a Nollaig seo, más féidir leat!

Níos mó