Ceapann 75% den phobal gur cheart go mbeadh Gaeilge líofa ag aon aire atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
De réir pobalbhreith a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, d’aontaigh triúr as gach ceathrar sa stát gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
Ní raibh Catherine Martin, a bhfuil Gaeilge aici, ceaptha ina Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta nuair a cuireadh an cheist in 2020, ach bhain conspóid le ceapachán airí Gaeltachta le roinnt blianta anuas.
Ní raibh Gaeilge ar bith ag Josepha Madigan ná ag Heather Humphries nuair a bhí siadsan ina n-airí sinsearacha agus cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
In 2014, cheap Enda Kenny Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta cé nach raibh aon Ghaeilge ag McHugh.
Léiríodh amhras faoi chumas teanga an aire stáit atá sa roinn faoi láthair, Jack Chambers, nuair a ceapadh ar dtús é i rith an tsamhraidh.
Ag titim de bheagán atá céatadán na ndaoine a deir gur chóir go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag aon aire sinsearach a mbeadh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta orthu.
Cuireadh an cheist chéanna mar chuid de phobalbhreith Chonradh na Gaeilge in 2017 agus 81% den phobal a dúirt an tráth sin gur cheart go mbeadh aire sinsearach na Gaeltachta líofa sa Ghaeilge.
Cuireadh ceist freisin i bpobalbhreith 2020 maidir le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus dúirt formhór acu siúd a ceistíodh gur cheart go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil ó pholaiteoirí.
Dúirt beagán os cionn aon trian de dhaoine, 35%, gur chóir tuilleadh díospóireachtaí a reáchtáil i nGaeilge sa Dáil agus sa Seanad.
Dúirt 33% nár cheap siad gur chóir go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil i dTithe an Oireachtais agus dúirt 32% nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc.ie in 2018 nach raibh ach 0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge.