![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ceardaiocht-le-gearoidin:-zip-a-chur-i-mball-eadaigh](/wp-content/themes/yootheme/cache/c3/33242-ceardaiocht-le-gearoidin-zip-a-chur-i-mball-eadaigh-c3fa9c9a.jpeg)
Ceardaíocht le Gearóidín: Zip a chur i mball éadaigh
Beidh Gearóidín McEvoy agus a hinneall fuála linn arís ar Instagram NÓS le rang eile ceardaíochta a thabhairt dúinn. An tseachtain seo beidh Gearóidín ag taispeáint dúinn cén chaoi zip a chur i mball éadaigh – scil thar a bheith úsáideach!
“Táimid chun mála nó púitse a fuáil agus zip bunúsach a chur isteach ann tráthnóna. Más maith leat a bheith liom beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait: éadach don taobh istigh agus don líneáil, siosúr, rialtóir, bioráin, inneall fuála a bhfuil cos zip air, iarann, agus zip,” a dúirt Gearóidín.
Beidh Gearóidín ar Instagram NÓS beo ag 17.30 leis an rang a thabhairt agus beidh an rang ar fáil ar IGTV ina dhiaidh sin.