Tá grúpa pobail nua bunaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCill Dara.
Tá sé i gceist ag Gaeilge Nuada daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar Bardasach Mhaigh Nuad agus ar spéis leo an Ghaeilge a thabhairt le chéile.
Deir bunaitheoirí an ghrúpa nua go bhfuil sé i gceist acu plean teanga a réiteach don cheantar a chuirfidh leis an bPlean don Ghaeilge atá ag Comhairle Contae Chill Dara.
Cuirfidh Gaeilge Nuada imeachtaí sóisialta agus spraoi ar bun do dhaoine fásta agus do ghasúir, beag beann ar a gcumas sa teanga.
Deirtear freisin go dtabharfar deis do na grúpaí agus na heagrais sheanbhunaithe ar fad atá sa cheantar a n-imeachtaí Gaelacha a fhógairt in aon áit amháin.
“Is é sprioc an ghrúpa ná an pobal áitiúil a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeilge a chruinniú le chéile agus gréasánú a éascú agus imeachtaí a eagrú,” a dúirt Gaeilge Nuada.
“Is féidir le gach duine gur spéis leo spriocanna ‘Gaeilge Nuada’ a chomhlíonadh a bheith mar bhaill den ghrúpa.”
Seolfar Gaeilge Nuada go hoifigiúil ag ócáid ar líne le linn Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl idir an 1-17 Márta i mbliana.
An oíche sin déanfar cur i láthair ar stair na Gaeilge sa cheantar agus ar cad as a dtáinig Gaeilge Nuada agus baileofar eolas faoi na himeachtaí ar mhaith leis an bpobal go n-eagrófaí iad sa cheantar amach anseo.
Is féidir Gaeilge Nuada a leanúint ar Facebook agus ar Twitter chun eolas faoin ngrúpa nua a fháil.