![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-mairtin-o-cadhain,-breandan-o-beachain-agus-an-bradan-feasa-i-measc-priontai-nua-o-ealaiontoir-gaelach](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F01%2F32793-mairtin-o-cadhain-breandan-o-beachain-agus-an-bradan-feasa-i-measc-priontai-nua-o-ealaiontoir-gaelach.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=9abfde64)
Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó Beacháin agus an Bradán Feasa i measc priontaí nua ó ealaíontóir Gaelach
Tá na scríbhneoirí Gaeilge Máirtín Ó Cadhain agus Breandán Ó Beacháin, chomh maith leis an mBradán Feasa, i measc na bpriontaí nua atá ar fáil ón ealaíontóir Gaelach Brian Ó Muirí ar a shiopa ar líne, Blag Beag.
Baineann Brian úsáid as an teicníc ealaíne ‘líonóilpriontáil’ lena phriontaí Gaelacha a dhéanamh, togra a thosaigh sé le linn na chéad Dianghlasála in earrach na bliana seo caite. Gearrtar dearadh sa líonóil le scian ghéar nó le huirlisí eile agus úsáidtear í leis an íomhá a phriontáil ar pháipéar nó ar ábhar eile.
Máirtín Ó Cadhain now available on the website: https://t.co/WaBqqOqgWB pic.twitter.com/HppawnNufH
— Brian Ó Muirí / 브라이언 (@blagbeag) January 1, 2021
Thosaigh Brian ag díol a chuid priontaí ar líne anuraidh agus bhí íomhánna de laochra Gaelacha ar nós Pheig Sayers agus Mícheál Ó Coileáin i measc na gcéad phriontaí a chuir sé i gcló. D’iarr sé ar a leantóirí ar na meáin shóisialta moltaí do phriontaí nua a thabhairt dó an mhí seo caite agus is mar thoradh ar an achainí sin atá Máirtín Ó Cadhain, Breandán Ó Beacháin, Christy Ring, agus Bernadette Devlin ar fáil anois, chomh maith le Síle na gCíoch, an Bradán Feasa agus Leanbh Phrág.