Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh dualgas ann aon ócáid a aithnítear mar ócáid ar gá í a chraoladh saor in aisce a chraoladh i nGaeilge chomh maith le Béarla.
Tá dualgas ann imeachtaí náisiúnta atá tábhachtach don tsochaí a chraoladh saor in aisce ar mhaithe le leas an phobail agus tá athbhreithniú á dhéanamh ar an liosta imeachtaí ainmnithe sin faoi láthair.
Tá cluichí ceannais sinsir na hÉireann, na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh agus Corn Sacair an Domhain uile i measc na n-ócáidí atá ar liosta na n-imeachtaí ainmnithe i láthair na huaire.
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin le gairid go raibh athbhreithniú le déanamh ar an liosta agus go raibh tús á chur aici le comhairliúchán poiblí maidir leis na himeachtaí spórt agus eile a ainmneofar mar imeachtaí atá fíorthábhachtach don tsochaí.
Tá molta ag Sinn Féin gur cheart go gcraolfaí i nGaeilge chomh miath na himeachtaí ainmnithe.
“Ba cheart an deis seo a thapú mórócáidí tábhachtacha, idir chluichí agus ócáidí eile, a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith leis an mBéarla,” a dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie.
Deir an Roinn gur cinneadh do na craoltóirí atá ann cén teanga ina gcraolfar na himeachtaí.
“Is é is aidhm leis an gcomhairliúchán seo ná athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta imeachtaí atá ainmnithe lena saorchraoladh faoi láthair agus aon imeachtaí eile ar chóir iad a bhreithniú le haithint,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.
“Is faoi na craoltóirí fós a bheidh craoladh imeachtaí, lena n-áirítear an teanga ina gcraolfar iad, mar go bhfuil siadsan neamhspleách maidir lena gcinntí eagarthóireachta i gcomhréir le halt 98 den Acht Craolacháin.”
Is iad RTÉ, TG4 agus Virgin Media atá aitheanta mar chraoltóirí cáilithe chun na himeachtaí ainmnithe a chraoladh. Faoi láthair, ní chraoltar aon cheann de na himeachtaí atá ar an liosta sin beo ar TG4.
De réir liosta na n-imeachtaí ainmnithe faoi láthair caithfear na himeachtaí seo a leanas a chraoladh beo saor in aisce:
- Na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh
- Cluichí Ceannais Chraobhchomórtais Sinsir Idirchontae na hÉireann sa Pheil agus san Iománaíocht
- Cluichí cáilithe na hÉireann ag baile agus as baile i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA
- Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA
- Cluichí oscailte, Cluichí Leathcheannais agus Craobhchomórtais Peile na hEorpa agusCorn Domhanda FIFA
- Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Chorn an Domhain sa Rugbaí
- An Grand National agus Darbaí na hÉireann
- Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath
Caithfear craoladh iarbheo a dhéanamh in aisce ar cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Rugbaí na Sé Náisiún chomh maith.
Tá an Roinn anois ag tabhairt cuireadh don phobal moltaí a dhéanamh i dtaobh imeachtaí ba cheart a chur ar an liosta nó a bhaint de.
Is féidir freagraí a sheoladh chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd an suirbhé ar líne atá ar fáil anseo. Is é an dáta deireanach ar a nglacfar le tuairimí ná 14 Eanáir 2021.