![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-sraith-nua-faoi-pheatai-gaelacha-le-tosu-ar-bbc-2-ni-anocht](/wp-content/themes/yootheme/cache/54/32701-sraith-nua-faoi-pheatai-gaelacha-le-tosu-ar-bbc-2-ni-anocht-5456944a.jpeg)
Sraith nua faoi pheataí Gaelacha le tosú ar BBC 2 NI anocht
Cuirfear tús anocht le Peataí! ar BBC 2 NI, sraith nua Ghaeilge ina gcuirfidh foireann saineolaithe ainmhithe comhairle d’úinéirí peataí faoina gcait, madraí agus peataí neamhghnácha.
Sraith ceithre chlár a bheidh in Peataí! a bheidh á craoladh ar BBC 2 NI ar an Luan ag 22.00. Osclaíodh ‘tob-chlinic’ san Ark Farm i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin, áit ar chuir tréidlianna agus saineolaithe eile ainmhithe fáilte roimh úinéirí peataí le ceisteanna a chur orthu faoi dhrochiompar, drochanáil, dea-bhia agus dea-ghrúmaeireacht.
Peataí! Ag tosú oíche Luain ar BBC Two NI, cuirfidh @tessa_niadh fáilte roimh pheataí agus a gcuid úinéirí as gach cearn den tír chuig an tob-chlinic ag an Ark Farm i mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin.
Peataí!
22:10 @bbctwo NI#ILBF @niscreen @_BigMountain pic.twitter.com/Jmdr8aTHzZ— BBC GAEILGE (@bbcgaeilge) December 29, 2020
Is í Tessa Fleming, as Contae Mhuineacháin, a chuirfidh an tsraith úr i láthair agus í ag labhairt leis an tréidlia Ellen Hegarty, an grúmaeir Paul Ó Gallachóir, agus an iompraí ainmhithe Paula Doohan.
“Deis iontach an tsraith seo ár bpeataí a cheiliúradh agus beagán sonais is solais a lonrú ar bhliain a bhí deacair. Bhí réimse iontach againn de pheataí neamhghnácha agus ardú meanman a bhí ann a fháil amach mar a thug úinéirí a gcroí agus a n-anam dá bpeataí!
“Agus, ar ndóigh, ar chuid mhór againn, mé féin san áireamh, ghlac sé tamall teacht ar thuiscint níos fearr ar ár gcuid peataí, ar a riachtanais agus ar a n-iompraíocht aisteach nach féidir a thuar. Níl aon amhras ann ach go dtógfaidh an lucht féachana leid nó dhó le cúram níos fearr a thabhairt dá gcuid peataí féin,” a dúirt Tessa.
Beidh an chéad eagrán den tsraith á chraoladh anocht ar BBC 2 NI agus beidh gach eagrán ar fáil i ndiaidh a chraolta ar ann BBC iPlayer.