![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘an-bhfuilimid-ag-diriu-ar-chainteoiri-nua-amhain?’-–-dan-nua-o-cholm-mac-gearailt-faoi-na-meain-ghaeilge](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F03%2F36813-an-bhfuilimid-ag-diriu-ar-chainteoiri-nua-amhain-dan-nua-o-cholm-mac-gearailt-faoi-na-meain-ghaeilge.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=b1e57f7f)
‘An bhfuilimid ag díriú ar chainteoirí nua amháin?’ – dán nua ó Cholm Mac Gearailt faoi na meáin Ghaeilge
Tá dán nua curtha amach ag an bhfile Colm Mac Gearailt ina ndéantar iniúchadh ar chultúr na meán sóisialta i gcomhthéacs shaol na Gaeilge. Fiafraíonn Colm ina dhán ‘An Gael-eagar’ cé ar a bhfuil na meáin Ghaeilge dírithe ar líne agus agus na bhfuiltear “ag tabhairt neamhaird” ar chainteoirí áirithe Gaeilge.
“Ceist chruaidh an lae: an ionann an ionadaíocht sna meáin do phobal na Gaelainne i gcoitinne? An bhfuilimid ag freastal mar is cóir ar na riachtanaisí comhchoiteanna? Nó an bhfuilimid ag díriú ar an iolra coiteann is lú: cainteoirí nua amháin, ag tabhairt neamhaird ar an gcéad chéim eile?”
Dúirt Colm le NÓS gur dán faoin dualgas atá ar na meáin Ghaeilge “saibhreas na Gaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn”.