Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-ceartusaid-ainmneacha-agus-solathar-foirmeacha-stait-i-ngaeilge-le-ple-sa-dail

Ceartúsáid ainmneacha agus soláthar foirmeacha stáit i nGaeilge le plé sa Dáil

| Tuairisc.ie | ,

Beidh a seachtú seisiún dhá uair an chloig ag plé an Bhille Teanga nua ag Coiste Oireachtais na Gaeilge inniu agus leasuithe a bhaineann le ceartúsáid ainmneacha agus seoltaí agus le foirmeacha stáit a bheidh faoi chaibidil.

Leanfaidh Teachtaí Dála sa Dáil tráthnóna leis an mbrú atá á chur acu ar Aire Stáit na Gaeltachta an Bille Teanga nua a leasú le go mbeadh buncheart ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Roimhe sin beidh plé maidin inniu i dTithe an Oireachtais ar chás na reachtaíochta teanga sa Tuaisceart, nuair a thiocfaidh Conradh na Gaeilge os comhair an Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Cuireadh plé Choiste Oireachtais na Gaeilge faoin Acht Teanga ar athlá an tseachtain seo caite toisc go raibh cruinniú rialtais ar siúl ag an am céanna leis an gcruinniú coiste a bhí beartaithe.

Bhí díospóireacht bhríomhar ag an seisiún deireanach de chéim an Choiste den bhille faoin cheist na n-ainmneacha agus na seoltaí agus ghéill Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé spriocdháta sa bhille maidir le cathain a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith ábalta déileáil leis an síneadh fada.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go raibh leasú á chur chun cinn aige féin agus ag Teachtaí Dála eile a bhain leis an gceart atá ag daoine go léireofaí “meas ar a n-ainmneacha, a seoltaí agus a dteidil, agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí an Stáit”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go raibh baill an choiste ag iarraidh ar an Aire Stáit na forálacha den Bhille a bhaineann leis an gceart sin “a neartú” agus fáil réidh leis na díolúintí atá sa bhille i gcás cheist na n-ainmneacha agus seoltaí. Dúirt Ó Snodaigh gur údar buartha a sheachantaí is atá cuid d’fhoclaíocht an bhille, dar leis.

“Mar Chathaoirleach an Choiste, táim buartha faoin bhfoclaíocht atá á moladh ag an Aire; foclaíocht atá lán frásaí nach bhfuil láidir go leor chun aidhmeanna an Bhille a bhaint amach, agus nach gcuireann aon dualgas ar an Aire sa todhchaí aon rud a dhéanamh, ach a thugann an rogha dó é a dhéanamh, más maith leis é sin, nó gan é a dhéanamh mura maith leis é.

“Is minic a mholtar ‘féadfaidh’ seachas ‘déanfaidh’ mar fhoclaíocht sa Bhille agus baintear úsáid as foclaíocht ar nós ‘a luaithe is indéanta’ seachas spriocdhátaí cinnte, spriocdhátaí a bhfuil gá leo sa Bhille seo.”

Tá ceist faoi spriocdháta lárnach chomh maith i leasuithe eile atá le plé inniu, leasuithe a bhaineann le soláthar foirmeacha oifigiúla i nGaeilge.

Tá leasuithe molta ag Teachtaí Dála ón Rialtas agus ón bhfreasúra araon chun an ghné seo de bhille an Rialtais a neartú.

Tá molta, mar shampla, ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, an Teachta Dála de chuid Neart le Chéile-Pobal Roimh Bhrabús Bríd Smith agus an Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta Gary Gannon go leasófaí an bille chun go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a bhfoirmeacha go léir a chur ar fáil i nGaeilge faoi 2024.

Ag brath ar chúrsaí ama, d’fhéadfadh chomh maith go mbeadh plé ann inniu faoi lógónna comhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge.

Tá na leasuithe seo á bplé mar chuid den díospóireacht atá ar bun le roinnt seachtainí faoin mBille Teanga nua.

308 leasú atá molta ar an mBille a bhfuil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus cur le cearta teanga an phobail.

Ach níl pléite go dtí seo ach 67 de na leasuithe sin, 22 díobh a bhí dícheadaithe.

Chinn Oifig na mBillí go raibh 93 den 308 leasú as ord mar gheall go mbainfeadh costas lena bhfeidhmiú nó toisc gur síleadh nár bhain siad le forálacha an Bhille.

Tá ceist curtha ag baill an choiste ar an gCeann Comhairle faoi líon na leasuithe a dícheadaíodh, ach idir an dá linn níl glactha go fóill ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le haon cheann de na leasuithe a ceadaíodh.

Tá ráite ag an Aire Stáit áfach go bhfillfidh sé ar naoi leasú lena mholtaí féin ag an gcéad chéim eile den Bhille nó go dtabharfar aghaidh orthu sna caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach faoin mBille.

Deirtear i mbille nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Cuireadh fáilte roimh gheallúintí a rinne Aire Stáit na Gaeltachta ag seisiún na seachtaine seo caite maidir le cearta teanga an phobail a neartú i reachtaíocht nua.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil ag an seisiún deireanach go gcuirfeadh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta is margaíochta agus i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine.

Níos mó