Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil siad chun dul i dteagmháil le forbróirí eastát tithíochta sa Daingean maidir leis an ainm conspóideach a tugadh ar an eastát a athrú.
Tugadh ‘Pairceanna na Glas’, ainm nach bhfuil aon chiall leis, ar an bhforbairt nua 20 teach ar an mbaile.
Bhí conspóid faoin ainm le roinnt seachtainí anuas nuair a thug an Chomhairle Contae le fios nach raibh rún acu an t-ainm a athrú ach deirtear anois go bhfuil an scéal á phlé acu.
I ráiteas a tugadh do chlár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle Contae go raibh teagmháil déanta leis an eagraíocht Clúid, a rinne an t-eastát a fhorbairt, agus go mbeadh réiteach ar an scéal “chomh luath agus is féidir”.
Dúirt Clúid go raibh “comhrá dearfach” tosaithe acu le Comhairle Contae Chiarraí faoin scéal.
Agus é ag labhairt ar An Saol Ó Dheas inniu, thug an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, le fios go raibh sé i dteagmháil leis an gComhairle agus Clúid agus go raibh sé “cinnte go leor” go mbeadh ainm an eastáit athraithe taobh istigh de chúpla seachtain. Dúirt sé gur “open wound” nó cneá oscailte a bheadh san ainm do lucht na Gaeilge sa cheantar mura n-athrófaí é.
Dúirt an Daly gur ainm “seafóideach” a bhí i ‘Pairceanna na Glas’, agus gur masla don teanga agus do phobal na Gaeilge sa cheantar a bhí ann.
Mhaígh an Teachta Dála go raibh éagóir déanta ag an gComhairle Contae ar an bpobal agus gur léirigh an t-ainm dothuigthe cur chuige “leisciúil” na Comhairle i leith na Gaeilge. “Tá sé soiléir nach raibh a lán ama tugtha le bheith ag smaoineamh ar ainm mar sin agus is trua é sin,” arsa Daly.
Inné, dúirt an Dr Pádraig Ó Cearbhaill, Príomhoifigeach Logainmneacha Choimisiún na Logainmneacha, ar An Saol Ó Dheas go bhfuil sé “náireach” gur tugadh ainm nach bhfuil aon chiall leis ar an eastát tithíochta nua, ‘Pairceanna na Glas’.
Ní hin an t-aon chonspóid teanga a bhaineann leis an eastát nua, áfach.
Bhí sé leagtha amach go mbeadh sé cinn den 20 teach ann á gcur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ach i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas teanga na n-iarrthóirí ar na tithe sin.
Dúirt an Teachta Daly tráthnóna go raibh sé i gceist aige labhairt le Comhairle Contae Chiarraí faoin scéal sin chomh maith,
“Níl mé sásta leis sin… tá muid ag iarraidh an meon aigne sin a athrú. Beidh mé ag caint leis an mbord bainistíochta sa Chomhairle Contae mar gheall air sin.”