Tá cosaint déanta ag Comhaire Contae Chiarraí ar chur chuige na Comhairle i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tarraingíodh raic an mhí seo nuair a tuairiscíodh go raibh ainm nach raibh aon chiall leis – ‘Pairceanna na Glas’ – roghnaithe ag Comhairle Contae Chiarraí d’eastát tithíochta nua sa Daingean.
Pléadh an scéal go forleathan sna meáin agus, faoi dheireadh, géilleadh go ndéanfaí an t-ainm a athrú.
Cáineadh cur chuige na Comhairle i leith na Gaeilge agus léirigh oifigigh pleanála teanga agus eagraíochtaí Gaeilge i gCiarraí míshástacht go raibh folúntas d’oifigeach Gaeilge ag an gComhairle le bliain anuas.
Tá ráite anois ag stiúrthóir de chuid na Comhairle go bhfuil iarrachtaí ar bun oifigeach Gaeilge a fhostú.
Thug John Breen le fios ag cruinniú de Cheantar Bardais Chorca Dhuibne agus Oileán Ciarraí go raibh deacrachtaí ann an folúntas a líonadh de bharr na paindéime. Thug sé le fios go bhfuil an folúntas fógartha ag an gComhairle anois.
Dúirt Breen go raibh an Chomhairle “go hiomlán tiomanta” na dualgais teanga a bhí uirthi a chomhlíonadh. Mhaígh sé go dtugtar an-aird don Ghaeilge sa Chomhairle agus gur “tosaíocht” acu an teanga a chur chun cinn.
Dúirt sé freisin go raibh sé “go hiomlán míchruinn” a rá nach bhféadfadh daoine a gcuid gnó a dhéanamh leis an gComhairle trí mheán na Gaeilge.
Dúirt an Comhairleoir áitiúil Breandán Fitzgerald le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach raibh sé sásta le Comhairle Contae Chiarraí “ná leis an tslí go bhfuil siad ag plé le muintir na Gaeltachta”.
Bhí Fitzgerald ar dhuine de na comhairleoirí a mhol rún éigeandála a ritheadh ag cruinniú de chuid na Comhairle ag éileamh go gcuirfí ina cheart láithreach an t-ainm gan chiall a tugadh ar an eastát tithíochta nua 20 teach sa Daingean.
Bhain conspóid eile leis an scéal agus é tagtha chun solais chomh maith gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe san eastát nua.