![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-fisean:-‘siucra’-–-gearrscannan-nua-faoin-ngaeilge](/wp-content/themes/yootheme/cache/86/36980-fisean-siucra-gearrscannan-nua-faoin-ngaeilge-86c7e31b.png)
FÍSEÁN: ‘Siúcra’ – gearrscannán nua faoin nGaeilge
Tá gearrscannán nua faoin nGaeilge, Siúcra, eisithe ag lucht na hamharclainne Axis i mBaile Munna, ina gcuireann an t-aisteoir as Baile Átha Cliath Roxanna Nic Liam síos ar a caidreamh leis an nGaeilge agus an tionchar atá ag an teanga uirthi.
Monalóg is ea Siúcra den chuid is mó, cé is moite de chorrlíne ó aisteoirí eile ina lár, ina bpléitear go dátheangach téamaí éagsúla ar nós áilleacht na Gaeilge mar theanga, a háit i mBaile Átha Cliath, na castachtaí agus deacrachtaí a chuireann as don fhoghlaimeoirí, agus ról na teanga i bhféiniúlacht na nÉireannach.
Ba í Roxanna féin a scríobh agus a léirigh an gearrscannán, Cathal Mac an Bheatha a stiúir, agus lucht Axis Bhaile Munna a choimisiúnaigh.