Tá oifigigh pleanála teanga agus eagraíochtaí Gaeltachta i gCiarraí ag éileamh ar Chomhairle Contae Chiarraí Oifigeach Forbartha Gaeilge a cheapadh “gan mhoill”.
Tá folúntas d’oifigeach Gaeilge ag an gComhairle le bliain anuas.
Sa litir a seoladh chuig Moira Murrell. Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, deirtear gur cheart don gComhairle duine a fhostú láithreach “chun an próiseas pleanála teanga mar atá sonraithe in Acht na Gaeltachta, 2012 a choimeád sa tsiúl agus na cearta teanga fé Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a dheimhniú i gContae Chiarraí”.
Deirtear go bhfuil práinn leis an éileamh chomh maith i bhfianaise chinneadh an Choimisinéara Teanga in 2020 gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Deir lucht scríofa na litreach gur gá Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar mar oifigeach Gaeilge na Comhairle ionas go bhféadfadh sé nó sí cumarsáid réidh a bheith aige nó aici “le pobal Gaelainne Chiarraí ar aon
cheist is cuma cé chomh teicniúil agus a d’fhéadfadh an cheist a bheith”.
Ba ghá, a deirtear, go mbeadh an t-oifigeach Gaeilge ina bhall de bhord bainistíochta Chomhairle Contae Chiarraí.
Tá an litir sínithe ag
John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga, Tobar Dhuibhne; Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga, Brí Uíbh Ráthaigh; Aoife Ní Chonchúir, Trá Lí le Gaeilge, BSG Trá Lí; Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne; Áine Uí Bheoláin, Bainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh; agus Pádraig Mac Fhearghusa, Fóram Pobal Gaelainne agus Gaeltachta Chiarraí.
Tá cur chuige Chomhairle Contae Chiarraí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbéal an phobail le tamall mar gheall ar an scéala gur tugadh ainm nach bhfuil aon chiall leis ar fhorbairt nua 20 teach sa Daingean.
Tháinig sé chun solais chomh maith gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe san eastát nua, ‘Pairceanna na Glas’.