Tá an HSE le rogha na Gaeilge a chur ar roghchlár réamhthaifeadta a líne chabhrach do dhaoine atá ag iarraidh clárú do vacsaín.
Bhí deacrachtaí ag daoine clárú i nGaeilge do vacsaín le HSELive le tamall ach dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le Tuairisc.ie go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh.
Ghéill an HSE, áfach, nár éirigh le daoine a bhí ag iarraidh clárú i nGaeilge sin a dhéanamh agus ghabh siad leithscéal leis na daoine sin.
Níl aon rogha eile ag duine atá ag iarraidh clárú i nGaeilge do vacsáin in aghaidh an Covid-19 ach dul i muinín an ghutháin mar ní féidir clárú i nGaeilge ar líne.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga mar gheall ar an teip sin.
Dúirt an HSE an tseachtain seo caite nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.
Deir siad áfach gur féidir le duine clárú i nGaeilge ar an líne chabhrach.
“Tá gníomhairí a labhrann Gaeilge ag obair sa líne chabhrach gach lá. Ba mhaith linn leithscéal a ghabháil le daoine a bhí ag iarraidh clárú i nGaeilge agus nach raibh ábalta labhairt le gníomhaire i nGaeilge le cúpla lá anuas de bhrí go raibh an oiread glaonna á fháil sa líne chabhrach.
“Tá muid ag obair chun rogha a chur ar fáil ar ár dteachtaireacht fóin chun deis a thabhairt do dhaoine ar mian leo clárú i nGaeilge labhairt níos éasca le gníomhaire le Gaeilge. Beidh sé seo ar fáil go luath.”
I measc na ndaoine a raibh deacrachtaí móra acu nuair a rinne siad iarracht clárú i nGaeilge don vacsaín le HSELive bhí iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, ar dúradh léi nach raibh a leithéid de sheirbhís ar fáil.