Tá leithscéal gafa ag an gcomhlacht Randox, a bhfuil saotharlann acu i nGaeltacht Dhún na nGall, as treoir gan ach Béarla a labhairt ag an obair a chur chuig a gcuid oibrithe sa Ghaeltacht.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil ar maidin nach raibh sé “inghlactha ar chor ar bith” go dtarlódh a leithéid agus gur chóir do Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta iarraidh ar Údarás na Gaeltachta teacht os a gcomhair ionas go gceisteofaí iad faoin scéal.
Deimhníodh ar chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin gur ó Randox a tháinig an meamram a scaipeadh ar bhaill foirne.
Agus plé á dhéanamh sa Dáil ar an mbille teanga, cháin roinnt Teachtaí Dála Randox go láidir agus dúradh nach bhféadfaí glacadh lena leithéid, bíodh botún i gceist nó ná bíodh.
Ba iad na Teachtaí Dála a dúirt nach bhféadfaí glacadh leis an méid a tharla ná Aengus Ó Snodaigh agus Pa Daly, Sinn Féin, Catherine Connolly, neamhspleách, Fergus O’Dowd, Fine Gael. Aindrias Moynihan, Fianna Fáil agus Marc Ó Cathasaigh, an Comhaontas Glas.
D’aontaigh na Teachtaí Dála go n-iarrfaí ar Údarás na Gaeltachta teacht os comhair Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais chun an chonspóid a phlé. Tá sé i gceist ag baill an choiste ceisteanna a chur ar Údarás na Gaeltachta faoin bpolasaí atá acu i leith teanga oibre na gcomhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.
Cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é Randox agus tá breis is 100 duine fostaithe sa tsaotharlann acu ar an gClochán Liath.
Thug Randox le fios go raibh an treoir tarraingthe siar nuair a d’fhiosraigh Raidió na Gaeltachta an scéal agus tá ráite anois ag an gcomhlacht gur seoladh í “trí bhotún” agus nár bhain sí le hionad an Chlocháin Léith.
Dúirt Randox nach raibh feidhm leis an treoir agus go raibh sí tarraingthe siar.
Tuairiscíodh ar Barrscéalta gur sheol rannóg na n-acmhainní daonna, a scaip an meamram, ríomhphost eile chuig oibrithe in ionad an Chlocháin Léith ag gabháil leithscéil faoin treoir gan ach Béarla a labhairt.
Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó ag Údarás na Gaeltachta agus ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.
I ráiteas a d’eisigh Údarás na Gaeltachta inniu, dúradh gur pléadh an meamram le bainistíocht shinsearach Randox inné, go raibh aiféala ar an gcomhlacht faoin scéal agus go raibh siad fós “tiomanta” don Ghaeilge.
“Tá sé dearbhaithe ag Randox Teoranta gur scaipeadh meamram faoi úsáid teanga sa láthair oibre ar fhoireann a n-ionaid sa gClochán Liath trí dhearmad inné. Bhain an meamram seo le gníomhaíochtaí an chomhlachta i ndlínse éagsúil agus ní raibh bainteach le háis an Chomhlachta ar an gClochán Léith,” a deir Údarás na Gaeltachta.
“Bhí teagmháil ag Údarás na Gaeltachta ó bhainistíocht shinsearach Randox ar an gcás seo tráthnóna inné agus tá sé deimhnithe acu gur trí bhotún a scaipeadh an nóta, go bhfuil aiféala ar an gcomhlacht gur tharla sé seo agus go bhfuil an comhlacht fós tiomanta don Ghaeilge mar theanga sa láthair oibre acu féin agus sa bpobal fré chéile.”
Tharraing an meamram conspóid mhór nuair a chuir an t-iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta, Aodh Máirtín Ó Fearraigh, an scéal amach ar na meáin shóisialta.
Dúradh sa mheamram, a raibh ‘Use of English Language’ mar theideal air, go gcaithfí a thuiscint go mb’fhéidir go mbraithfeadh daoine “scoite amach” dá gcloisfidís san ionad oibre teanga eile seachas an Béarla.
“Ní mór Béarla a labhairt i gcónaí, bíodh tú ag comhrá faoin obair nó ag caint go neamhchúiseach le ball foirne eile,” a dúradh sa mheamram foirne.
Ní ghlacfaí le haon teanga eile san ionad oibre ach an Béarla, a dúradh.
“To facilitae effective communication between everyone in the Company, locally and globally, it is essential that all staff…communicate, both written and verbally, in English at all times. Failing to do so is not acceptable,” a dúradh.