![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-dan:-‘an-pocaire-gaoithe’-–-buaiteoir-chomortas-filiochta-na-gcumann-gaelach](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F04%2F37656-dan-an-pocaire-gaoithe-buaiteoir-chomortas-filiochta-na-gcumann-gaelach.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=f38d1a16)
DÁN: ‘An Pocaire Gaoithe’ – buaiteoir chomórtas filíochta na gCumann Gaelach
Reáchtáladh ‘Cogadh na gCumann’ le deireanas, comórtas mór idir-ollscoileanna inar ghlac baill na gCumann Gaelach i gcoláistí ó cheann ceann na tíre. Mar chuid den ‘chogadh’, bhí comórtas filíochta ann, comórtas a bhuaigh Antóin Ó Trinlúin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba í an file Siobhán Ní Dhomhnaill a bhí i mbun moltóireachta. Foilsítear anseo ar NÓS ‘An Pocaire Gaoithe’.
An Pocaire Gaoithe
Antóin Ó Trinlúin
Ag cothrom na súl a bhíos le pocaire gaoithe,
É ag ainliú thar Ghleann Glas na hUidhre;
Féachadóir Dé ar crochadh ag bruach na spéire.
Beannaithe ag an bhfoighne;
Súil an chreachadóra ag faire na faille,
Gan chorraí
Sular thit sé
Trí aithleá binn an tsamhraidh
I dtreo na Siúire;
Splanc aibhléise fé anáil na saoirse.
Anois- neadaímse idir bhallaí;
Clutharaithe ó thinneas,
Agus mhaidineacha dúgheimridh.
Ach nach mise atá ite ag éad
Agus mé ag taibhreamh fé fhabhcún
Timpeallaithe ag Parthas.