Tá “fearg” agus “díomá” ar bhaill foirne i Nuacht TG4 faoi chiorruithe atá le déanamh ar acmhainní na seirbhíse.
Chuir Jon Williams, ceann feadhna na nuachta in RTÉ, foireann na seomra nuachta ar an eolas faoin scéal agus dúirt go raibh na hathruithe á ndéanamh “le bheith níos éifeachtúla agus le hairgead a shábháil”.
Faoi na socruithe nua ní bheidh aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine feasta. Chomh maith leis sin beidh lucht na nuachta Gaeilge i dtaobh le ceamara amháin san ardchathair Dé Máirt. Ón 17 Bealtaine beidh foireann na nuachta Gaeilge ag brath gach Satharn agus Domhnach ar ábhar físe ó Bhaile Átha Cliath a fháil ó sheomra nuachta an Bhéarla.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an t-athrú le plé ag lucht ceardchumainn go luath.
Táthar míshásta chomh maith faoin tslí ar fógraíodh an scéal mar gur síleadh go raibh tuilleadh cainte le déanamh sula gcuirfí aon socrú nua i bhfeidhm. Tá sé ina imní sa seomra nuachta Gaeilge nach mbeidh sna míreanna nuachta Gaeilge ag an deireadh seachtaine feasta ach “seirbhís aistriúcháin” agus nach mbeidh aon rogha ann ach cloí go docht le mianta eagarthóireachta sheomra nuachta an Bhéarla seachas iarracht a dhéanamh ‘Súil Eile’ TG4 a chur ar fáil.
Dúirt foinsí le Tuairisc.ie go bhfuil sé ina imní chomh maith go mbainfidh na socruithe nua de stádas na hiriseoireachta Gaeilge taobh istigh de RTÉ. Meastar chomh maith nach bhfuil na ciorruithe atá á ndéanamh ar chúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha in RTÉ á gcur i bhfeidhm “go cothrom” agus go bhfuil éagóir á déanamh ar iriseoirí na Gaeilge fad is go bhfuiltear ag cur leis na hacmhainní atá ar fáil in áiteanna eile.
Dúirt Jon Williams le foireann na nuachta Gaeilge go raibh go leor “dul chun cinn” á dhéanamh maidir le cuspóirí RTÉ dá seirbhísí nuachta a bhaint amach ach go bhféadfaí tuilleadh “a dhéanamh le chéile le bheith níos éifeachtúla agus le hairgead a shábháil”.
“Ní mór dúinn bealaí eile a fháil leis an €8.3m a bhí leagtha ar na ciorruithe tuarastail agus an Clár Imeachta Deonach a dhéanamh suas,” arsa Williams.
Bhíothas ag iarraidh “an dúbláil ar fud na hiriseoireachta in RTÉ a laghdú”, a dúirt sé, agus is chuige sin a bheadh “an chomhroinnt criúnna” idir Nuacht agus an seomra nuachta i mBaile Átha Cliath ar siúl “níos rialta”.
Tá na ciorruithe ag teacht sna sála ar dhíospóireacht faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.
Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiúin um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.
I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.
Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.