Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-gradam-nos-buaite-ag-eabha-breathnach-ag-scleip-ghael-linn

Gradam NÓS buaite ag Éabha Breathnach ag Scléip Ghael Linn

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Is í Éabha Breathnach, atá sa gcúigiú bliain i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe, a thug léi Gradam NÓS don amhrán nuachumtha is fearr ag Scléip Ghael Linn aréir.

Scríobh Éabha, as an Sruthán ar an gCeathrú Rua, an t-amhrán nua ‘Ó Neamh go Talamh’. Bhuaigh Éabha, ar bronnadh gradaim uirthi i gcomórtas Scléip roimhe seo, an gradam don ‘Amhránaíocht Aonair le Féintionlacan’ aréir freisin don amhrán céanna. Ba í Ciara Nic an Fhailí ó Ghaelcholáiste Cheatharlach a tháinig sa dara háit sa gcomórtas sin.

Dúirt eagarthóir NÓS Maitiú Ó Coimín go raibh an-áthas air an gradam a bhronnadh ar Éabha agus gur “léir go bhfuil rud éigin speisialta ar siúl i Scoil Chuimsitheach Chiaráin” mar gheall ar an gcaighdeán ard ceoil atá sa scoil le tamall de bhlianta anuas.

“Tá mé féin i m’eagarthóir ar NÓS le beagán le cois trí bliana anois agus tá an gradam áirithe seo gaibhte siar chun na Ceathrún Rua trí huaire cheana – cé is moite den bhliain 2019 nuair ba ag Anlann Pasta as Cill Chainnigh a bhí an lá.

“Tá amhrán álainn cumtha ag Éabha agus é ráite go haoibhinn aici don chomórtas seo. Tá a háit tuillte go maith aici i measc na gceoltóirí óga iontacha eile a tháinig roimpi ar nós Róisín Seoighe, an banna Beogacht, agus Sonny Ní Chathasaigh,” a dúirt Maitiú.

Reáchtáladh comórtas Scléip Ghael Linn ar líne den chéad uair riamh i mbliana, mar gheall ar shrianta an víris chorónaigh, ach taifeadadh clár speisialta leis na moltóirí Doireann Ní Ghlacáin, Pádraig Ó Conghaile, agus Gráinne Bleasdale, ag fear an tí agus bean an tí Mícheál Ó Ciaraidh agus Niamh Ní Chróinín i nGaillimh an tseachtain seo caite.

Torthaí

Amhránaíocht Aonair le Féintionlacan (sóisear)
#1 Caoimhe Ní Cheallacháin, Scoil Chaitríona
#2 And Nic Ruairí, Gairmscoil Mhic Diarmada

Amhránaíocht Aonair le Féintionlacan (sinsear)
#1 Éabha Breathnach, Scoil Chuimsitheach Chiaráin
#2 Ciara Nic an Fhailí, Gaelcholáiste Cheatharlach

Amhránaíocht Aonair le tionlacan ó fhuaimrian taca (sóisear)
#1 Grace Ní Ghéaráin, Gaelcholáiste Cheatharlach
#2 Sarah Ní Ghallchóir, Gairmscoil Mhic Diarmada

Amhránaíocht Aonair le tionlacan ó fhuaimrian taca (sinsear)
#1 Stephanie Nic Giolla Phádraig, Coláiste Pobail Osraí
#2 Hannah Nic Pháidín, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola

Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol (sóisear)
#1 Jude Hoireabard, Gaelcholáiste Chill Dara
#2 Eoin Ó Cadhain, Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol (sinsear)
#1 Pól Mac Giolla Easpaig, Coláiste Ailigh
#2 Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Pop/Racghrúpa le Féintionlacan (sóisear)
#1 Garáiste, Scoil Chaitríona
#2 Creid, Coláiste Ailigh

Pop/Racghrúpa le Féintionlacan (sinsear)
#1 Camo agus na Leaids, Meánscoil Gharman
#2 Seolta, Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Gradam NÓS don amhrán nuachumtha is fearr
Éabha Breathnach, Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Gradam Scléip don taispeántas is fearr ag Craobh Scléip Ghael Linn
Camo agus na Leaids, Meánscoil Gharman

Níos mó