Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-moladh-le-deanamh-faoi-fhreagracht-a-leagan-ar-aire-as-plean-earcaiochta-gaeilgeoiri-a-chur-i-bhfeidhm

Moladh le déanamh faoi fhreagracht a leagan ar aire as plean earcaíochta Gaeilgeoirí a chur i bhfeidhm

| Tuairisc.ie |

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go mbreathnóidh sé ar leasú a dhéanamh ar an mbille teanga chun go mbeadh dualgas ar aire rialtais as Plean Náisiúnta Earcaíochta nua a chur i bhfeidhm.

Tá sé mar sprioc sa Bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030 agus réiteofar an plean earcaíochta chun é sin a bhaint amach.

Ceann de na príomhlaigí a aithníodh ar an mbille nach bhfuil dualgas reachtúil leagtha ar aon duine ná ar aon dream an plean a chur i bhfeidhm. Léiríodh imní gur mó de pholasaí seachas píosa reachtaíochta a bhí sa phlean dá bharr.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers sa Dáil inné, áfach, go mbeadh “ciall” le dualgas a chur ar aire an plean a chur i bhfeidhm agus go dtiocfaidh sé ar ais le moladh faoi sin roimh achtú an Bhille.

“Aithním go mbeadh buntáiste ann dá mbeadh ról an Aire mar an duine a bheadh freagrach an Plean Náisiúnta a chur i bhfeidhm luaite go sonrach sa Bhille agus táim sásta féachaint air sin mar leasú ag Céim na Tuarascála,” a dúirt an tAire Stáit Chambers sa Dáil tráthnóna.

Bhí leasuithe ar an gceist molta ag Teachtaí Dála an Rialtais agus ag Teachtaí de chuid an fhreasúra agus iad ag moladh go gcuirfí mír isteach sa bhille a rialódh gur ar an Aire a bheadh an fhreagracht an Plean Náisiúnta Earcaíochta a fheidhmiú.

Bhí Sinn Féin agus Teachtaí eile de chuid an fhreasúra ag moladh gur ar aire sinsearach a bheadh an dualgas ach dúirt an tAire Stáit nach raibh sé in ann a rá gur aire sinsearach a bheadh sa mholadh aige féin toisc, a deir sé, gur faoi gach rialtas a bhíonn sé cúraimí a leagan ar aire sinsearach nó ar aire stáit.

Gheall an Aire Stáit Chambers go dtiocfaidh sé ar ais le moltaí maidir le suas le 46 leasú a moladh ar an reachtaíocht nua.

Léirigh Teachtaí an fhreasúra míshástacht sa Dáil tráthnóna toisc nach raibh an tAire Stáit sásta glacadh le tuilleadh moltaí a mheas siad a chinnteodh feidhmeanna an Bhille.

I gcás na gcaighdeán, atá le teacht isteach in áit na scéimeanna teanga, moladh go ndéarfaí go ‘déanfaidh’ an t-aire gníomh in áit ‘féadfaidh’, mar atá luaite sa bhille, ach dúirt an tAire Stáit Chambers gur ceist dlí a bhí ann agus go gcaithfí cloí le ‘féadfaidh’.

Tá plé déanta ar 249 den 308 leasú a moladh ar an mbille, cé go bhfuil an plé le críochnú ar 108 acu. Tá thart ar 24 uair an chloig anois caite ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais ag plé na leasuithe ó mhí Eanáir.

Tá dhá sheisiún eile dhá uair an chloig beartaithe don lá inniu sa Dáil.

Ar maidin, thug Aire Stáit na Gaeltachta geallúint go molfaidh sé leasú nua ar an mbille teanga a chinnteoidh go mbeidh sprioc shoiléir sa dlí go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Níos mó