Tá glactha ag na trí cheardchumann múinteoirí le rún a thacaíonn le gníomhaíochtaí tionsclaíochta, fiú an stailc féin, mura dtabharfaidh an Rialtas tosaíocht dá gcuid ball sa gclár vacsaínithe.
Vótáil baill na gceardchumann – Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) agus Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) – ar son an rúin ag a gcomhdhálacha inniu.
Chinn an Rialtas an tseachtain seo caite athrú a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 agus an sceideal a bhunú feasta ar aois an duine seachas ar shlí bheatha.
Chuir an cinneadh sin an-olc ar mhúinteoirí go leor a deir go bhfuil siad i mbaol níos mó ón ngalar toisc oiread daoine ó theaghlaigh éagsúla a bheith ag bailiú le chéile i scoileanna agus mar go mbíonn sé deacair uaireanta cloí leis an scoitheadh sóisialta.
Táthar ag éileamh anois go ndéanfaí múinteoirí a rangú mar ghrúpa a dtabharfar tús áite dóibh sa chlár vacsaínithe.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh cinneadh an Rialtais bunaithe ar chúiseanna a bhí “an-soiléir” agus gur léirigh an fhianaise ar fad gur ar bhonn aoise is fearr a mheas cé hiad na daoine is leochailí.
Idir an dá linn, dúirt urlabhraí de chuid an Rialtais ar maidin go bhféachfar lena thuilleadh srianta a mhaolú an mhí seo chugainn “más féidir linn an fód a sheasamh ar feadh tamaill bhig eile”.
Dúirt Liz Canavan, leas-rúnaí i Roinn an Taoisigh go bhféadfadh go gceadófaí do lucht na siopaí, gruagairí agus lucht tógála dul i mbun oibre arís. D’fhéadfaí chomh láithreacha cultúrtha a athoscailt.
“Más féidir linn an fód a sheasamh ar feadh tamaill bhig eile, agus má bhíonn feabhas ar chúinsí sláinte, déanfar machnamh ar a thuilleadh srianta a scaoileadh ar an 4 Bealtaine,” arsa Liz Canavan.
Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan inniu go gcuirfear an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin ar liosta thíortha an choraintín óstáin an tseachtain seo chugainn.