Podchraoltaí na Seachtaine
Tá cúpla podchraoladh nua curtha lenár liosta de phodchraoltaí Gaeilge.
Caith súil ar na cinn atá againn thíos; Tae is Plé, Gaeilge Anois, Ar mo Rothar agus Teanga Tí.
Tae is Plé
Ceol, craic, comhrá agus ar ndóigh, tae le hEmma, Niall agus Aodhán. Sa leagan is déanaí chuaigh siad ar thuras fíorúil timpeall Chúige Uladh.
Gaeilge Anois
Is é seo an podchraoladh Ghaeilge don saol nua-aimseartha. Sa phodchraoladh seo beidh Gaeilge Anois ag caint leis na daoine a bhfuil ag iarradh ár dteanga a tharraingt isteach sa chéad aois is fiche! San eagrán is déanaí labhair Seán ar an rud is scanrúla ar domhan, an Ardteist.
Ar Mo Rothar
Tá Barbara agus Dónal ina gcónaí i nGaillimh agus is maith leo a bheith ag caint faoin rothaíocht. An cúigiú heagrán den phodchraoladh, labhair Barbara agus Dónal faoin rothaíocht, #GaillimhArRothar agus #RotharRides.
Teanga Tí
Cuireann Sinéad Ní Uallacháin aíonna speisialta faoi agallamh sa tsraith seo. Sa leagan is déanaí Labhair Sinéad le Ciarán Dunbar faoin ilteangachas sa bhaile.