Ní raibh aon rud a chuirfeadh cor coise i ndaltaí a thug faoi Pháipéar 1 agus Páipéar 2 don scrúdú Gaeilge Ardteiste an tseachtain seo.
Tháinig an tuar faoin tairngreacht maidir le teidil na n-aistí i bpáipéar 1 agus bhí rogha mhaith agus éagsúlacht ann do dhaltaí a thug faoin chéad pháipéar ag tús na seachtaine.
Trí huaire an chloig a bhí ag daltaí chun tabhairt faoi Pháipéar 2 agus gan ach trí cheist le freagairt acu in áit ceithre cinn mar a bhíonn go hiondúil.
Dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Naomh Pádraig san Uaimh gur scrúdú “an-éasca” a bhí i scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana agus nach raibh “aon rud casta” i gceist.
“Nuair a bhí mé ag léamh tríd an bpáipéar bhí orm seiceáil an gnáthleibhéal nó ardleibhéal a bhí ann, bhí sé chomh héasca sin.
“Seans gurb é sin an locht is mó atá air. Bhí sé ró-éasca agus seans go mbeadh sé deacair ag na daltaí ábalta iad féin a chruthú. Beidh sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir na daltaí maithe cumasacha agus na daltaí eile atá in ann foghlaim de ghlanmheabhair mar gheall ar an bpáipéar a bheith chomh héasca sin.
“Bheifeá ag súil go gcruthóidís a gcumas sa teanga sa scrúdú cainte ach tá scrúdaitheoirí ag brath ar thaifeadtaí i mbliana agus ní hionann sin agus a bheith ag suí os comhair na ndaltaí agus an ábaltacht a aithint,” a dúirt sé.
Páipéir “an-deas”, “an-éasca” a chuirfeadh “éad” ar dhaltaí an chúigiú bliain, dar le Máirín Ní Dhomhnaill, múinteoir Gaeilge i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara.
“Ní raibh aon rud ann a chuirfeadh cor coise i ndaltaí. Scoláirí Galltachta nó Gaeltachta, ní bheadh aon fhadhb acu leis. Bhí rogha ann i mbliana idir an prós agus an fhilíocht agus nuair a bhí na scoláirí ag staidéar bhíodar in ann an prós uilig nó an fhilíocht uilig a fhágáil amach. Bheadh go leor leor cleachtaidh ag na scoláirí ar na ceisteanna a tháinig aníos.”
Mheas Tony Ó Murchú, Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gcontae Chill Mhantáin, nach raibh aon rud sa scrúdú nach mbeifeá ag súil leis.
“Bhí ceist ar Pháipéar 1 faoin dteicneolaíocht, faoin nGaeilge, faoin gciníochas agus bheifeá ag súil leis sin. Bhí na rudaí a bhíonn ann de ghnáth ann arís, mar sin ní dóigh liom go mbeadh aon ghearán faoi. Bhí neart ama acu do pháipéar a haon, an iomarca b’fhéidir agus tá mé den bharúil gur cheart níos mó ama a thabhairt dóibh do pháipéar 2 agus níos lú do pháipéar 1.
“Bhí ‘Géibheann’ ann agus bíonn éileamh maith ar an dán, tá roinnt mhaith ann ó thaobh téamaí de. Tháinig ‘Oisín i dTír na nÓg’ aníos sa phrós agus sílim go rabhadar sásta leis sin.”
Dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste na Mara go bhfuair sé “aiseolas measctha” ó na daltaí faoin chluastuiscint ach nár cheap sé go raibh sé níos deacra ná níos éasca ná aon bhliain eile.
A mhalairt a cheap Máirín Ní Dhomhnaill i gConamara maidir leis an chluastuiscint.
“Cheap mé go raibh an cluastuiscint deacair agus níos deacra ná blianta eile. Ní raibh na cainteoirí chomh soiléir is a bhíodh blianta eile agus cheap na scoláirí an rud céanna,” a dúirt Máirín Ní Dhomhnaill.
Cé nach raibh aghaidh na scoláirí a fheiceáil taobh thiar dá gcuid mascanna, dúirt Ní Dhomhnaill go mbeifeá ag súil go rabhadar sásta agus iad ag gabháil don scrúdú i mbliana.