Tá imeachtaí ceoil, ealaíne agus cultúrtha ar siúl ar líne an mhí seo mar chuid den chomóradh atá á dhéanamh ar Naomh Colmcille.
‘Colmcille 1500’ atá ar an chomóradh agus míle go leith bliain caite ó rugadh an naomh i nGartán, i gcontae Dhún na nGall.
Tá suíomh nua trítheangach colmcille.org á sheoladh ag Foras na Gaeilge don chomóradh agus beidh léarscáileanna idirghníomhacha, ábhar físe nua agus eolas ar chonairí an naoimh ar fáil ann i nGaeilge, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla.
Tá tionscadail nua ealaíne coimisiúnaithe do chomóradh na bliana seo ag Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) agus seoladh dhá cheann acu inné. Ceann acu ná píosa ceoil bunaithe ar phíosa as bailiúchán Carmina Gadelica le Alexander Carmichael, a bailíodh i nGaeltacht na hAlban breis agus céad bliain ó shin.
Julie Fowlis, Éamon Doorley, Zoë Conway agus John McIntyre na ceoltóirí mór le rá a chum an píosa ceoil, atá le cloisteáil ar fhíseán nua.
Pictiúr leis an ealaíontóir Timothy O’Neill, atá sa phíosa ealaíne eile a sheol an RIA inné. Tá an pictiúr bunaithe ar dhán molta sa tSean-Ghaeilge Amrae Coluimb Chille.
Tá íomhánna ó na lámhscríbhinní ba mhó a shamhlaítear leis an naomh le feiceáil sa phictiúr, ina measc Leabhar Dharú, Leabhar Cheanannais agus Betha Colaim Chille, cuntas beathaisnéiseach a scríobh Maghnas Ó Domhnaill sa 16ú haois.
Idir an dá linn, anocht ag a 7pm, tabharfaidh an tOllamh Lillis Ó Laoire caint sa tSean-Bheairic ar an Fhál Carrach faoin amhránaíocht dhiaga ‘Colmcille i gComhthéacs – Iomainn Bheannaithe’ agus Diane Ní Chanainn, Niamh Ní Dhubhgáin agus Conall Ó Gallachóir ag gabháil cheoil.
Taispeánfar den chéad uair an mhí seo freisin ábhar físe a léirigh Ligid Léiriúcháin le Sonia Nic Giolla Easpaig. Cloisfear scéalaíocht Ghearóidín Bhreathnach sa saothar seo agus beidh radharc an ar na láithreacha a raibh baint ag Colmcille leo in Éirinn agus in Albain.
Beidh an taispeántas ‘Colmcille – Man and Myths’ ar siúl i Músaem an Túir i nDoire go dtí Meán Fómhair, sula mbogfaidh sé go Músaem Chontae Dhún na nGall.
Seachtain na hOidhreachta, ón 25 Lúnasa, eagróidh Acadamh Ríoga na hÉireann sraith léachtaí ar líne, i nGaeilge agus i mBéarla, ‘Colmcille 1500: Texts and Tradition’.
Tá gach eolas maidir leis na himeachtaí a bheidh á reáchtáil in Éirinn agus in Albain ar fáil anseo.