Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
d’fheadfadh-forbairt-neamhshrianta-an-ghaeltacht-a-scrios-go-deo-–-rabhadh-o-theachtai-dala-agus-seanadoiri

D’fhéadfadh forbairt neamhshrianta an Ghaeltacht a scrios go deo – rabhadh ó Theachtaí Dála agus Seanadóirí

| Tuairisc.ie | , ,

D’fhéadfadh forbairt neamhshrianta thobann ar chúrsaí tithíochta an Ghaeltacht a scrios go deo mura neartaítear cás na teanga i gcúrsaí pleanála, a deirtear i gcáipéis nua atá seolta ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí de chuid Fhianna Fáil.

Sheol fochoiste de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil inniu an plépháipéar nua, Tús Áite do Phobail, Fís Nua d’Éirinn, chun “díriú ar phleanáil tar éis Covid-19 agus béim á cur acu ar phobail láidre a thógáil”.

Deirtear sa cháipéis nua go gcaithfidh aon fhorbairt a dhéanfar ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht í “a neartú in áit a lagachan”.

“Ar an drochuair, is é a mhalairt sin atá tarlaithe le 20 bliain anuas,” a deirtear.

Baineann 10 gcinn den 68 moladh sa phlépháipéar le cás na Gaeltachta agus tá trí mholadh ar leith ann faoi na hoileáin.

Deirtear sa cháipéis gur cheart an tionchar a bheadh ag aon zónáil phleanála ar an nGaeltacht a chur san áireamh nuair atá Pleananna Contae agus Cathrach á n-ullmhú agus gur cheart go ndéanfadh duine cáilithe measúnacht tionchair teanga ar aon phlean sula bhfoilseofaí é.

Moltar go ndéanfaí ráiteas tionchar teanga chomh maith le haghaidh gach iarratas pleanála do thithíocht aonair nach mbeadh bunaithe ar riachtanas tithíochta tuaithe, fiú amháin taobh istigh de theorainneacha bailte agus sráidbhailte.

Deirtear gur cheart go mbeadh foráil i ngach plean Gaeltachta faoina gcaithfí coinníoll teanga a chur le céatadán de na tithe go léir in eastáit tithíochta agus iad a chur i leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Ba chóir, a mholtar, Limistéir Ainmnithe Pleanála Teanga Gaeltachta
a bheith luaite i bpleananna contae agus go mbeadh na forálacha pleanála a bhainfeadh leis na limistéir sin bunaithe ar a láidre is atá an teanga iontu.

“Measúnóir sainiúil neamhspleách” a dhéanfadh measúnú ar Ghaeilge na gceannaitheoirí tithe agus TEG 2B an leibhéal atá molta.

Ba chóir, a deir an coiste de chuid Fhianna Fáil, go gcuirfí san áireamh i ngach Plean Gaeltachta “an gá atá ann go seolfaí an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin” trí tacú le tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus gaolta a bheith ina gcónaí in aice lena chéile.

Ba chóir chomh maith foráil a bheith i ngach Plean Gaeltachta chun teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge a mhealladh chuig an nGaeltacht agus “iad a choinneáil inti”

“Ba cheart gur ar chúinsí teanga a bheadh an polasaí seo bunaithe agus orthu sin amháin,” a deirtear.

Moltar chomh maith go gcuirfí béim ar “cnuasaigh láidre teaghlach” i gceantair láidre Ghaeltachta.

Ba chóir, a deirtear, tithíocht shóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil sa Ghaeltacht “do gach duine ón nGaeltacht” atá ag iarraidh cur fúthu inti agus an Ghaeilge a labhairt gach lá.

“Tá tábhacht ar leith leis go gcuirfí tithíocht shóisialta agus inacmhainne den chineál sin ar fáil ar na hoileáin agus i bpobail atá níos laige ó thaobh struchtúir de chun stop a chur le himirce nach bhfuil gá leis as na ceantair sin,” a deirtear.

Deirtear i Tús Áite do Phobail, Fís Nua d’Éirinn má ligtear do phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht “imeacht le gaoth” nach mbeidh “aon bhonn pobail” a thuilleadh ag an nGaeilge. Tá an bonn pobail sin “ríthábhachtach don teanga le go mairfidh sí mar theanga dhúchais”.

“Tá dualgas orainn don domhan mór ár míle dícheall a dhéanamh chun an oidhreacht ríluachmhar seo a chaomhnú,” a deirtear.

Deirtear nach gnáthrud iad eastáit tithíochta sa Ghaeltacht.

“Ní raibh aon bhailte d’aon mhéid sna ceantair láidre Gaeltachta agus maidir leis na sráidbhailte
a bhí iontu, fiú amháin suas go dtí an lá atá inniu ann, is ionaid seirbhíse a bhí iontu nach raibh aon eastáit tithíochta shuntasacha uirbeacha iontu.

“Ní hé
sin le rá nach féidir leis an nGaeilge a theacht slán agus forás a theacht uirthi i gceantair uirbeacha ach chun é sin a dhéanamh chaithfeadh an t-aistriú tarlú
de réir a chéile agus a bheith pleanáilte go maith ó thaobh na teanga de, agus nach mbeadh sé de thoradh air go scriosfaí foinse na Gaeilge sna pobail scaipthe tuaithe.”

Ba chóir “ar deireadh thiar”, a mhaítear, leas níos mó a bhaint as forbairt “cnuasach” agus “forbairtí ar thalamh cúil” sa Ghaeltacht. Ba chóir imeacht ón bhforbairt líneach “ar bhealaí scéimhiúil turasóireachta ach go háirithe”.

Maidir le cúrsaí fostaíochta, deir an coiste, a bhfuil 20 ball de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil air, gur “fostaíocht teangabhunaithe” an tionscal “is mó go mór atá sa Ghaeltacht agus an ceann is fearr freisin a thacaíonn le bonn teanga na Gaeltachta”.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste a d’fhoilsigh an phlécháipéis nua, Éamon Ó Cuív, go bhfuiltear ag súil go spreagfaidh an cháipéis “díospóireacht láidir ar shaincheisteanna pleanála agus go dtiocfaidh na hathruithe suntasacha atá molta chun tairbhe ár gcur chuige i leith na pleanála”.

Níos mó