Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ta-mo-phais-fulaingthe-agam-le-bliain-anuas-ag-briseadh-eicint-tuillte-agam…’

‘Tá mo pháis fulaingthe agam le bliain anuas ag briseadh éicint tuillte agam…’

| Domhnall O Braonain | ,

Anonn liom go Meiriceá! Trí mhí ag obair agus ag saothrú mo choda. (Ní bheadh tú ag iarraidh mórán níos mó ama a chaitheamh i measc Meiriceánach, an mbeadh?)

Ní thiocfaidh mé ar ais chuig an Indreabhán atá fágtha agam. Beidh sagart nua ar an bparóiste agus le cúnamh Dé beidh na pubanna oscailte arís. (Cineál dímheasúil go bhfuil siad ag oscailt an lá céanna a bhfuil mé ag imeacht. Tá sé bliain go leith ó bhí pionta Guinness agam).

Beidh rudaí difriúil ar bhealaí agus beidh rudaí eile mar a chéile. Ach tá sé sin chomh fada uaim nach fiú a bheith ag smaoineamh air i ndáiríre. tá na súile á ndíriú agam ar an ráithe atá romham. 

Tá mé ag súil go mór le mo vacsaín a fháil. Is dóigh nach drochrud é Yank a bheith mar athair ag duine). Feicfidh mé mamó Mheiriceá le cúnamh Dé agus beidh seans agam am a chaitheamh leis an leath de mo mhuintir nach bhfeiceann muid chomh minic sin. 

Tá cairde agam ó bhlianta eile a bhí mé ag obair ann agus tá mé ag súil go mór le n-iad sin a fheiceáil freisin. Tá cara agam fiú as an taobh eile de thír na hÉireann atá bailithe anonn le cúpla lá anuas agus nach aisteach an saol atá ann go bhfuil seans ann gur i Meiriceá a chasfadh muid ar a chéile. (Ach i ndáiríre cén ghnó a bheadh agam ag dul thar Shionainn soir? Nach bhfuil an cósta thiar i bhfad níos deise?)

Gan trácht ar an seans rud éicint difriúil a fheiceáil. Grá mo chroí Baile an Tí Mhóir ach go dtarrthaí Dia sinn níl rud ar bith feicthe agam le naoi mí ach é. “An rud is annamh is iontach” a deir siad. Cibé cé hiad féin nuair a bhíonn siad sa mbaile. 

Mar sin beidh sé go deas beagán éagsúlachta a chur i mo chuid laethanta. (Tá mé cinnte go bhfuil tusa ag breathnú air seo ar an gcaoi chéanna a raibh mé féin ag breathnú ar theachtaireachtaí mo dheirféar a chaith COVID uilig sa Nua-Shéalainn agus atá ag galaibheantáil thart ar an Astráil anois).

Tá mo pháis fulaingthe agam le scoilbhliain anuas mar sin cheapfainn go bhfuil briseadh éicint tuillte agam (beidh freagra na ceiste sin agam i mí Iúil) agus tuigim go maith go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil an deis seo agam. 

Cé gur maith linn a bheith ag magadh faoi na Meiriceánaigh ní haon chuing é a bheith i mo shaoránach sa tír sin cinnte. Tá buntáiste mór agam sa gcaoi is go bhfuil rogha agam siúl soir nó siar i mo shaol leis an dá shaoránacht atá agam. Buíochas le Dia! (Agus is dóigh buíochas le Greg agus Caitlín freisin).

Mar sin siúd siar mé agus go dtuga Dia slán abhaile mé. Agus le cúnamh Dé beidh samhradh taitneamhach agam agus, más féidir ar chor ar bith, coláiste oscailte nuair a thiocfaidh mé ar ais.

Níos mó