![an-chomhdhail-idirnaisiunta-cheilteach-agus-imeachtai-eile](/wp-content/themes/yootheme/cache/25/41400-an-chomhdhail-idirnaisiunta-cheilteach-agus-imeachtai-eile-2576d2f9.jpeg)
An Chomhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach agus imeachtaí eile
Comhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach
Ag tosú Aoine 2 Iúil @18:30
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/07/Pan-Celtic-Flag-Copy.jpg-1024x615.jpg)
Tá deireadh seachtaine den scoth eagraithe ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach i mbliana. Agus béim á leagan ar an ngnó Cheilteach acu, tá léachtaí, siamsaíocht agus mion-ranganna le fáil i ngach teanga Cheilteach, an Ghaeilge san áireamh! Beidh deis ann cúpla focal a fhoghlaim sna teangacha eile chomh maith. Ticéid ar fáil ar Eventbrite
Seoladh Dlúthdhiosca Scoil Mhichíl
Aoine 2 Iúil @19:00
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/07/E5KKjGgXIAcQnbz-768x1024.jpeg)
Thíos i mBaile na Sceilge, Contae Chiarraí, tá na daltaí scoile as an mbunscoil áitiúil, Scoil Mhichíl, tar éis dlúthdhiosca a thaifead lán le ceol traidisiúnta agus na sean-amhráin is breá linn uilig! Seán Ó Leidhin, iar-phríomhoide Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath, a bheidh á sheoladh i Caifé Cois Trá, Baile na Sceilge.
Traidphicnic an Spidéil
Ag tosú Aoine 2 Iúil @19:30
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/07/Liam-O-Maonlai-Clare-Sands-1024x768.jpg)
Beidh an Traidphicnic ann arís eile i mbliana agus neart imeachtaí ag tarlú go fíorúil oíche Dé hAoine agus i rith an deireadh seachtaine! Beidh sár-rogha ceoltóirí ag seinm chomh maith le drámaíocht, agus dár ndóigh cúpla seisiún ceoil!
Tuilleadh eolais ar shuíomh na féile agus ar YouTube.
Aigéin is i gCóngar – Access2Sea agus Údarás na Gaeltachta
Céadaoin 6 Iúil @10:00
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/07/unnamed-9.jpg)
Arna eagrú ag Access2Sea, is seimineár gréasáin é an imeacht seo agus beidh an painéal ag caint ar dhearcadh na hÉireann agus Shasana ar an bpleanáil mara, go háirithe idir an dá tír. Marcus ó Conaire as Údarás na Gaeltachta a bheidh ina Chathaoirleach.
Is féidir clárú ar líne roimh ré.
Unperson – Teifigh ón Choiré Thuaidh
Ar oscailt 7 lá sa tseachtain, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2021/07/2.-Unperson-1024x819.jpeg)
Is taispeántas é Unperson leis an ngrianghrafadóir Francach-Polannach Tim Franco, ar chás na dteifeach a thréig an Chóiré Thuaidh gan mórán dóchais acu. Tá na grianghraif ar fad analógach agus bunaithe ar an aistear chontúirteach sin do theifigh. Is féidir cuairt a thabhairt ar an taispeántas ag 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste i rith uaireanta oscailte Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.