“Iomaíocht” ón Aontas Eorpach le haghaidh Gaeilgeoirí líofa ceann de na dúshláin a bhaineann le cur le líon na nGaeilgeoirí sa státseirbhís, a dúradh ag cruinniú i dTithe na Oireachtais.
Dúirt Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse, David Cagney, a bhí os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, go raibh “bóthar fada le taisteal” chun go mbainfí amach sprioc an rialtais go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi 2030.
Dúirt Cagney gur léirigh tuairisc a rinne na Coimisinéir Teanga nach raibh cumas sa Ghaeilge ach ag 2.62% de státseirbhísigh agus nach raibh ach 0.4% de phostanna aitheanta mar phostanna a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo.
Dúirt sé chomh maith go mbíonn líon na n-iarratas a dhéantar ar phoist do dhaoine dátheangacha “an-íseal go deo”. Ó 2017 i leith chuaigh níos lú ná 1% d’earcaigh nua na státseirbhíse go dtí poist a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo.
“Tá bóthar fada le taisteal chun an sprioc earcaíochta dhúshlánach a bhaint amach – go mbeidh 20% d’earcaigh nua in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030,” a dúirt sé.
Dúirt sé go gcinnteodh an spriocdháta sin agus comhoibriú na státseirbhíse “that best endeavours are made to meet these targets. “
Ar na dúshláin eile a luaigh sé, bhí an “iomaíocht dhíreach” ón AE le haghaidh Gaeilgeoirí líofa.
“Faoin mbliain 2022 beidh an Ghaeilge mar theanga oibre oifigiúil iomlán an Aontais Eorpaigh agus cuirtear fáilte roimis seo. Ciallaíonn sé sin, áfach, faoi láthair go bhfuil iomaíocht dhíreach ann idir Státseirbhís na hÉireann agus na Seirbhísí Aistriúcháin in Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir leis an líon beag de na hoibrithe oilte dátheangacha atá ann faoi láthair, go háirithe ó bunaíodh Aonad Aistriúcháin Gaeilge an Aontais Eorpaigh i mBaile Átha Troim i gContae na Mí le déanaí.”
Léirigh an méid sin go léir “scála an dúshláin” maidir leis an ghealltanas atá déanta ag an Rialtas i leith earcú Gaeilgeoirí, a dúirt Príomhoifigeach Acmhainní Daonna na Státseirbhíse.
Dúirt Cagney go ndéanfaí an “iarracht is fearr” ab fhéidir chun an sprioc earcaíochta i leith cainteoirí Gaeilge a bhaint amach.
Tionscadal fadtéarmach é a bhfuil “go leor dúshlán” roimhe agus bhí gá le cur chuige “praiticiúil ar fud na státseirbhíse”, a dúirt sé.
Tugadh le fios le linn chruinniú an chomhchoiste Gaeilge go mbeidh ról “lárnach” ag Roinn na Gaeltachta i dtaobh beartas earcaíochta na seirbhíse poiblí.
Maidir le céimithe le Gaeilge a mhealladh chuig an státseirbhís, dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, go mbeadh “níos mó béime” á chur acu ar neartú na seirbhíse poiblí “sa bhaile” as seo amach.
Cháin an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly an easpa dul chun cinn a rinneadh ó thaobh neartú na Gaeilge sa státseirbhís ó foilsíodh tuarascáil an Choimisinéara Teanga in 2019.
“Ar rith sé leis an Roinn go raibh géarchéim ann nuair a foilsíodh an tuarascáil sin agus má rith, cad a rinne sibh ó thaobh oiliúint a chur ar an bhfoireann uilig ó thaobh tábhacht na Gaeilge agus líofacht sa Ghaeilge agus daoine a mhealladh?” a d’fhiafraigh Catherine Connolly.
Mar fhreagra ar an cheist sin, dúirt Cagney go raibh cúrsaí á gcur ar fáil ag OneLearning agus ag Gaelchultúr dá mbaill foirne ar spéis leo cúrsa Gaeilge a dhéanamh.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, nach ndéanfar “aon dul cinn” faoin cheist seo go dtí go gcuirfear an córas earcaíochta faoina gceaptar daoine le Gaeilge chuig an státseirbhís ina cheart.
Tá an chuma ar an scéal gur “poist Ghaeilge amháin”, a dúirt sé, atá ar fáil do chainteoirí dátheangacha a chuireann isteach ar phainéal a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leis.
D’aontaigh an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh leis an méid sin.
Is gá a chinntiú nach ndéanfar “pigeonholing ar Ghaeilgeoirí” sa chóras earcaíochta, a dúirt sé.