Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ta-an-da-vacsain-faighte-agam-agus-suil-agam-a-bheith-ar-an-gcampas-aris-i-mbliana’

‘Tá an dá vacsaín faighte agam agus súil agam a bheith ar an gcampas arís i mbliana’

| Domhnall O Braonain | ,

Thug mé féin, duine de mo dheartháireacha, beirt de mo chuid deirfiúracha, agus mo thuismitheoirí aghaidh ar Connecticut in éindí an deireadh seachtaine seo caite.

Ta an Ardteist díreach críochnaithe ag an deirfiúr is óige agus í ar tí a céad bhliain ollscoile a thosaí i Meiriceá (sin é an fáth a bhfuil sí féin, mama agus deaide anseo ar an gcéad dul síos).Fuair sí deis rugbaí a imirt le coláiste anseo, mar sin chuaigh muid uilig suas le cúnamh a thabhairt di bogadh isteach ann (shílfeá go mbeadh imreoir rugbaí in ann a cuid málaí féin a iompar) agus le slán a rá léi freisin is dóigh.

Beidh sí ag gabháil ar scoil 20 nóiméad ón ollscoil chuig a ndeachaigh mo dheirfiúr eile a tháinig anseo ag imirt sacair don choláiste cúpla bliain ó shin, agus atá anois ag obair ag díol piseanna. “Margaíocht do Green Giant” a deir sí féin atá ann. Cuir síoda ar ghabhar ach is gabhar i gcónaí é. Tá sí ag díol piseanna. 

Ar aon chuma idir trí cinn agus ceithre cinn de uaireanta an chloig a thóg sé sa gcarr. Bhí mé féin ag tiomáint i gcarr amháin leis an stuif uilig agus bhí mo dheirfiúr ag tiomáint i gcarr eile leis na daoine uilig. (Chuirfeadh muid Éamonn Ryan ag caoineadh leis an méid peitril a dhóigh muid againn. Ach go háirid leis an tuairisc IPCC sin a tháinig amach an tseachtain seo).

Ní mórán atá le rá agam faoi i ndáiríre ach gur ann a bhí mé an deireadh seachtaine seo. Bhí cóisir de chineál ann do mhuintir na gcailíní uilig ar an bhfoireann rugbaí inné freisin. 

Tá súil agam go mbeidh mé féin ar ais ar an gcampas i mbliana. Is é an scéal is déanaí atá cloiste agam ná go mbeidh rang ar bith nach líonfaidh níos mó ná 80% den seomra ranga ag dul ar aghaidh agus go mbeidh rud ar bith eile ar-líne.

Chomh maith leis sin, cheapfainn go bhfuil siad ag iarraidh aon cheacht saotharlainne a dhéanamh aghaidh ar aghaidh freisin mar cé gur oibrigh siad ar-líne anuraidh ní raibh siad baileach chomh maith agus a bheadh dá mbeadh muid i láthair. Ach cá bhfios dúinn mar gheall ar an Delta seo atá ag gabháil thart.

Mar atá ráite agam arís agus arís eile, bhí an scoilbhliain seo caite uafásach cé go raibh ciall le cuid de mar gheall ar an bpaindéim. Fós féin, tá an dá vacsaín faighte agam, tá mé ag iarraidh a ghabháil isteach agus mo chuid oibre a dhéanamh agus sásamh a bhaint as an ábhar seo atá thar a bheith suimiúil dom ach nach féidir díriú ceart air nuair atá sé uilig ag teacht tríd aon scáileán amháin.

Mar sin, ádh mór ar mo dheirfiúr sa gcoláiste agus tá súil agam go n-éireoidh léi ina cuid cluichí rugbaí freisin. Agus sách maith aici nach mbeidh sí in ann ól go dleathach ann agus gan í ach ‘iompaithe dleathach’ in Éirinn le cúpla mí.

Níos mó