![dean-dearud-ar-na-dryrobes-–-ta-fallaingi-farraige-fran-i-gcorca-dhuibhne!](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F09%2F44274-dean-dearud-ar-na-dryrobes-ta-fallaingi-farraige-fran-i-gcorca-dhuibhne.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=c71f89c8)
Déan dearúd ar na Dryrobes – tá Fallaingí Farraige Fran i gCorca Dhuibhne!
Dein dearúd glan ar na Dryrobes. Tá éide nua tagtha ar an bhfód i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne agus iad le feiscint go fairsing ar thránna na leithinse. Sin iad tuaillí-ghúnaí daite Fran!
Cé hí Fran? Fran Fogarty na n-éadaí gléigeala galánta ó Thiobraid Árann ó dhúchas, ach a bhfuil cónaí uirthi anois i mBaile na nGall cois trá agus deir sí go bhfuil sé “de phribhléid aici, na trí rud is mó a bhfuil dúil [aici] iontu; faisean, an comhshaol agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne a ionchorprú [ina] fiontar gnó Lily Mais”.
Tá Lily Mais ar an bhfód ó 2020 agus dearann agus cruthaíonn Fran t-léinte, geansaithe cochaill, agus cealtaracha, a bhfuil ana-thóir orthu i rith na paindéime. Tá na haon ní a dheineann sí, lámhdhéanta aige baile agus ní mar a chéile iad aon dá phíosa.
Deir Fran go bhfuil earnáil an fhaisin ar an earnáil is mó truaillithe ar domhan agus is dá bharr san atá sí ag iarraidh timpeallacht a chosaint agus í i mbun a ceirde. Chuige seo, úsáideann sí seantuáillí chun na fallaingeacha seo a dhéanamh. Cuireann sí dathanna éagsúla orthu agus cochaill, agus ta-dah, bíonn fallaing aoibhinn farraige aici. Féach na dathanna aoibhne seo:
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2021/09/PHOTO-2021-09-14-14-15-20-7.jpg)
Na cordaí beaga a thagann amach as an bhfallaing chun an cochall a theannadh, táid san déanta as pacáistí plaisteacha a bhíonn ag Fran féin aige baile, agus píosaí plaisteacha agus cordaí a bhailíonn sí ar thránna Chorca Dhuibhne. Tá Fran tar éis dathanna an bhogha sín a úsáid ina cuid earraí, atá le feiscint ar na slaoda atá sa ghrúpa snámha Baile Bathers.Nuair a bhraitheann duine go bhfuil deireadh saoil a bhfallaing féin tagtha – tabhair ar ais do Fran é ionas gur féidir léi é a úsáid arís chun earra eile a dhéanamh as. Is é Instagram an slí is fearr chun teacht uirthi – @lilymaisbyfran – agus is ann is féidir ceann a ordú. €95 nó níos mó atá na tuáillí-ghúnaí agus is fiú na haon phingin Fallaingí Farraige Fran!
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2021/09/PHOTO-2021-09-14-14-15-20-11-1024x1024.jpg)