Tá 1,358 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
Tá níos mó othar Covid-19 sna hospidéil inniu ná mar a bhí ag aon am eile ó thús mhí an Mhárta.
400 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, 18 duine níos lú ná inné, agus bhí 75 acusan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.
1,109 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,593 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
314 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu,13 duine níos lú ná inné, agus tá 35 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.