Tá 892 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
333 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 319 inné, agus bhí 64 acusan in aonad dianchúraim, ardú ó 60 inné.
Seo an chéad uair ó lár mhí Iúil go raibh níos lú ná 1,000 cás nua den ghalar le fógairt ag an Roinn Sláinte.
1,080 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,570 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
338 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, le hais 342 Dé hAoine, agus tá 37 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná Dé hAoine.